An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (dúil)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 14:
 
Tá mearcair ar fáil ar fud an domhain, go háirithe i bhfoirm [[Cionnabar|cionnabair]], is é sin, suilfíd mhearcair nó HgS. Cosúil leis na comhdhúile mearcair go léir, is nimh dhainséarach é an cionnabar, ach mar sin féin, baintear úsáid as mar ábhar datha (dathlí) i bhfoirm phúdraithe ar a dtugtar flanndearg. Is féidir leas a bhaint as an miotal féin agus as a chuid comhdhúl ar a lán bealaí eile. Mar sin, úsáidtear mearcair miotalach i d[[Teirmiméadar|teirmiméadair]], i m[[Baraiméadar|baraiméadair]], i [[Manaiméadar|manaiméadair]] agus i [[Sfigmeamanaiméadar|sfigmeamanaiméadair]] - is é sin, i ngléasanna a thomhaiseann teocht nó brú. Tugtar malgaim ar chóimhiotail a bhfuil mearcair iontu, agus cuirtear malgam sna fiacla, mar shampla, leis na bearnaí a líonadh. Inniu, áfach, táthar buartha brónach faoi chomh dainséarach is atá an mearcair don duine, agus dá réir sin, táthar ag éirí as úsáid an mhearcair a fhad agus is féidir.
 
 
Is dual don mhearcair meascadh tríd na miotail eile agus cóimhiotail - malgaim - a dhéanamh leo. Tá an t-iarann ar an mbeagán miotal nach malgamaítear, agus mar sin, is gnách mearcair a choinneáil i gcoimeádáin iarainn.
Line 20 ⟶ 21:
 
Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an mearcair, mar atá, +1 (na comhdhúile mearcarúla) agus +2 (na comhdhúile mearcaracha).
 
===An Meitilmhearcair agus Galar Minamata===
 
Tá sé de chlaonadh sa mhearcair iain mheitilmhearcair [CH<sub>3</sub>Hg]<sup>+</sup> a dhéanamh sa dúlra, ós toradh é an meitilmhearcair do na himoibriúcháin a bhíonn ag an mearcair faoi thionchar na miocrób nádúrtha. Tá an logainm Seapánach úd ''Minamata'' dlúthbhainteach leis an meitilmhearcair, nó sa bhliain 1956 tháinig chun solais go raibh an comhlacht áitiúil ceimice Chisso-Minamata ag scaoileadh fuíolluisce a bhí truaillithe le mearcair le fiche bliain anuas. An galar ba thoradh don truailliú seo, mar atá. ''galar Minamata'' nó ''damhsa an chait'' (toisc go raibh an truailliú le haithint ar iompraíocht na n-ainmhithe féin), tholg muintir na háite é ó na héisc, ós cuid thábhachtach é an t-iasc i mbia na Seapánach. Mhair Chisso-Minamata ag truailliú na mara ar feadh na mblianta fada, agus d'fhág an truailliú na mílte daoine easlán mura bhfuair siad bás scun scan. Chuaigh grianghrafanna d'iarmharáin an ghalair ar fud an domhain, ach níor admhaigh rialtas na Seapáine go raibh a leithéid de ghalar ann ach sa bhliain 1968. B'éigean do na hiarmharáin dul ag agóid agus brú a chur ar an rialtas agus ar Chisso-Minamata araon leis an admháil seo féin a bhaint amach.
 
 
{{síol}}