An difríocht idir athruithe ar: "Blàr Allt a' Bhonnaich"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 19:
|nótaí =* ''Bannockburn'' (Reese) ISBN 1-84195-465-9
|}}
Ba bhua suntasach é toradh an chatha ''' Blàr Allt a' Bhonnaich''' ([[An Béarla|Béarla]]:''Battle of Bannockburn'') (24 Meitheamh, 1314) i gCogaí na Saoirse le haghaidh an neamhspleáchais a bhaint amach do [[Ríocht na hAlban]]. Bua cinntitheach a bhí ann sa [[An Chéad Chogadh le haghaidh Saoirse na hAlban|Chéad Chogadh le haghaidh Saoirse na hAlban]].
 
Cath a troideadh in aice le [[Sruighlea (cathair)|Sruighlea]] ag [[Allt a' Bhonnaich|Allt a’ Bhonnaich]] idir arm Albanach faoi cheannas an [[Raibeart I na hAlban|Roibeard Brús]] agus arm [[Sasanaigh|Sasanach]] faoi cheannas an [[Éadbhard II Shasana|Rí Éadbhard II]], sa bhliain [[1314]]. Bhuaigh na hAlbanaigh, agus shocraigh Blàr Allt a' Bhonnaich Cogaí neamhspleáchas na hAlban a thosaigh go déanach sa 13ú haois.
== An tosach ==
 
== Toradh an chatha ==
Bhí cumhacht Shasana chomh briste sin i ndiaidh an chatha nach bhféadfadh sé a thuilleadh fórsa armtha de [[marcra|mharcra]] agus de choisithe a sheoladh anall go hAlbain arís. Leis an mbua seo fuarthas saoirse iomlán, cé gur leanadh den choimhlint le Sasana in aimsir Éadbhaird, agus sa dara bliain de réimeas [ Éadbhaird III|Éadbhaird III], rinneadh síocháin le hAlbain, agus d'admhaigh rí Shasana go raibh Albain saor ó shin go brách ó aon tiarnas a bhí ag ríthe Shasana uirthi. Chun an tsíocháin seo a neartú, d’aontaigh Éadbhard gur cheart a dheirfiúr [[Ioanna]] a phósadh le [[Dáibhí II, Rí na nAlbanach|Dáibhí]], mac agus oidhre rí na hAlban.
 
 
Rinneadh an comhaontú seo sa bhliain [[1328]].
Timpeall an Charghais, sa bhliain 1314, chuir [[Éadbhard Brús]], deartháir Rí na hAlban, tús leis an léigear ar [[Caisteal Sruighlea|Chaisteal Sruighlea]], a bhí faoi cheannas Sir [[Philip Mowbray]]. Nuair nárbh fhéidir le Éadbhard bua a fháil, shocraigh sé comhaontú le Mowbray - mura thagann aon fhaoiseamh roimh Oíche Fhéile Eoin 1314, bheadh air an caisleán a ghéilleadh d'Éadbhard.