An difríocht idir athruithe ar: "Piaras Feiritéar"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}Duine uasal de bhunadh na [[Normannaigh|Normannach]] ba ea '''Piaras Feiritéar''' nó Pierce Ferriter (1600-1653). Bhí sé ina fhile oilte agus ina thaoiseach ar a chine. Áirítear é ar dhuine de na filí [[Gaeilge]] is nótála de chuid an [[17ú haois]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.dib.ie/biography/feiritear-piaras-ferriter-pierce-a3035|teideal=Feiritéar, Piaras (Ferriter, Pierce) {{!}} Dictionary of Irish Biography|work=www.dib.ie|dátarochtana=2022-03-02}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1310|teideal=FEIRITÉAR, Piaras (c.1600–1653)|language=ga-IE|work=ainm.ie|dátarochtana=2022-03-02}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/tuairisc-speisialta-an-forsa-ag-duiseacht-i-gcorca-dhuibhne-agus-star-wars-tagtha-go-dti-an-ghaeltacht/|teideal=TUAIRISC SPEISIALTA: An ‘fórsa’ ag dúiseacht i gCorca Dhuibhne agus Star Wars tagtha go dtí an Ghaeltacht|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2022-03-02}}</ref>
[[Íomhá:Caislean an Fheirtearaigh (Ferriter's castle) - geograph.org.uk - 220209.jpg|clé|mion|Caisleán an Fheirtéaraigh (Ferriter's castle) ]][[Íomhá:Marshy-Boggy Land near Ballyferriter - geograph.org.uk - 16950.jpg|clé|mion|in aice le Baile an Fheirtéaraigh ]]
 
== A bheatha ==
 
Ba leis na Feiritéaraigh roinnt mhór d'iarthar [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhuibhne]] i g[[Contae Chiarraí|Ciarraí]] tráth den saol, agus dá chomhartha sin tá [[Baile an Fheirtéaraigh]] fós ann.
 
[[Íomhá:Marshy-Boggy Land near Ballyferriter - geograph.org.uk - 16950.jpg|clé|mion|in aice le Baile an Fheirtéaraigh ]]
Is é an dáta is luaithe is féidir a lua le Piaras an bhliain 1633, mar tá sé féin agus Éamann, a athair, luaite i gcáipéis ón mbliain sin. Bhí Piaras geal le huaisle Gall agus Gael araon, agus nuair a thosaigh Cogadh 1641 thug Pádraigín Mac Muiris, Tiarna Chiarraí, arm buíne dó le go dtroidfeadh sé ar thaobh na nGall. B'ansa le Piaras an taobh eile, agus é ina chaptaen ar an arm a ghabh Caisleán [[Trá Lí|Thrá Lí]] sa bhliain 1642, comhrac a d'fhág gonta é.