An difríocht idir athruithe ar: "Falcóg mhór"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
Is éard atá i gceist leis an bh'''falcóg mhór''' ná speiceas éin a chuaigh in éag faoi lár na naoú haoise déag. Is é an t-ainm eolaíoch atá air ná ''Pinguinus impennis''. Cé go bhfuil an fhalcóg mhór cosúil leis na [[piongainí]], níl sí gaolmhar leo - fuair siad a n-ainm uaithi, áfach, nó is é ''pen gwyn'' ainm Breatnaise na falcóige móire, agus chuaigh sé in úsáid i dteangacha eile fosta. Ceann de na h''Alcidae'' í an fhalcóg mhór, is é sin, bhí dlúthghaol aici leis an bh[[foracha]] (an t-éan aille) ''Uria aalge'' agus leis an g[[crosán]] ''Alca torda''. Bhí an fhalcóg mhór 75-85 ceintiméadair ar airde agus timpeall ar chúig cileagraim ar meáchan.
 
Ní chuireadh an fhalcóg mhór ach aon ubh amháin in aghaidh tréimhse amháin neadaithe, rud a chiallaigh go raibh líon na n-éanacha seo sách mall ag dul i méadaíocht fiú faoi na himthoscaí ab fhabhraí. Ní raibh siad in ann eitilt ar bith a dhéanamh, agus nuair a thagadh na foghlaeirí, bhíodh na falcóga móra sách mall ag teitheadh uathu. Bhí an-mheas ag na mairneálaigh ar fheoil na bhfalcóg mór, agus fuarthas ana clúmhcuid cleití úsáideach chomh maith. Mar sin, ní ábhar iontais é i ndiaidh an iomláin díothú an speicis seo.
 
Ar na saolta deireanacha seo táthar ag caint ar athbheochan an speicis trí úsáid a bhaint as pé iarsmaí [[ADN]] atá fágtha de.