An difríocht idir athruithe ar: "Monocotylidae"

Content deleted Content added
No edit summary
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 40:
}}
Ceann den dá phríomhroinn de na [[Planda|plandaí]] bláfara. Is iad na [[déchotailéadóin]] an phríomhroinn eile. Bíonn [[cotailéadón]] amháin ag suth an tsíl, agus feonn príomhfhréamh an tsíolphlanda go luath, ag fágáil córas snáithíneach fréamhacha. De ghnáth bíonn [[Duilleog|duilleoga]] caola acu, le féitheacha comhthreomhara neamhghéagacha, agus [[Bláth (planda)|bláthanna]] le codanna eagraithe i dtríonna nó iolraí de 3. Bíonn na burlaí soithíocha scaipthe sa ghas. De ghnáth ní bhíonn aon [[Caimbiam|chaimbiam]] sa ghas ná aon [[Fíochán|fhíochán]] soithíoch tánaisteach. Tá monacotailéadóin atá cosúil le crainn (mar shampla, na pailmeacha), ar éagsúil a bhfás is a n-adhmad ó na crainn ar déchotailéadóin iad. Is lú ar fad grúpa na monacotailéadón (timpeall 60 chlann ar eolas) ná grúpa na ndéchotailéadón, ach tá cuid acu i measc na gclann phlandaí bláfara is mó (mar shampla, na féir, na pailmeacha, na [[Magairlín|magairlíní]], na lilí).
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{Fréamh an Eolais}}