An difríocht idir athruithe ar: "Idirghníomhú lag"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 1:
Is é atá san '''idirghníomhú lag''' nó '''fórsa núicléach lag''' ná ceann de na 4 fórsaí bunúsacha idir cháithníní fo-adamhacha, mar aon leis an [[leictreamaighnéadas]], an t-[[idirghníomhú láidir]], agus an [[imtharraingt]]. Is mar thoradh ar W nó Z bósón a mhalartú a chruthaítear an fórsa lag, mar a thugtar air uaireanta. Is é an t-idirgnhíomhú lag is cúis le béite-mheath (meath radaighníomhamh ina dtiontaíonn [[prótón]] chun bheith ina [[neodrón]] trí [[leictreon]] agus fríth-[[neoidríonó]] a chur amach). Bíonn an fórsa lag "lag" mar gheall ar mhais ard an W agus a Z a iompraíonn an fórsa. Tá mais acu siúd atá ~80-90 níos mó ná mais an phrótóin, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-idirghníomhú gearr-raonach go leor i gcomparáid leis na bhfórsaí eile.
 
Tá neart tréithe sainiúla ag an idirghníomhú lag. Is é an t-idirghníomhú lag an t-aon idirghníomhú go bhfuil ar a chumas [[cuarc]] de shaghas amháin a thiontú go cuarc de shaghas eile. Deineann an t-idirghníomhú idirdhealú ar bhonn paireachta---ní bhaineann sé ach le cáithníní ciotacha. Is gné sainiúil freisin go bhfuil mais ag iompróirí an idirghníomhaithe.