An difríocht idir athruithe ar: "Seanad Éireann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
==Seanad an tSaorstáit (arna leagan amach i mBunreacht 1922)==
* Níor mhór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
* D'fhéadfadh an Seanad rith bille neamhairgid a chur ar fionraí go ceann 270 lá nó 9 mí (méadaíodh an chumhacht mhoilliúcháin sin go dtí 18 mí in 1928);
* D’fhéadfadh an Seanad moladh a thabhairt i dtaobh bille airgid (ach ní fhéadfadh sé é a leasú) agus é a chur ar ais laistigh de 21 lá;
* Bhí sé de cheart aige billí neamhairgid a thionscnamh agus d’fhéadfadh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach
* Faoi Airteagal 47, d’fhéadfaí, le rún ó thrí chúigiú de chomhaltaí an tSeanaid (ina n-aonar), bille a chur faoi reifreann.
* Níor mhór rún ón Seanad (agus ón Dáil) chun Breitheamh de chuid na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí a chur as oifig mar gheall ar mhí-iompar nó mhí-chumas a luafaí (Airteagal 68).
 
==Cumhachtaí Sheanad 1937==
* Faoi Airteagail 20-24 den Bhunreacht
* Ní mór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
* I gcás bille atá rite ag an Dáil, féadfaidh an Seanad moill a chur ar rith an bhille go ceann 90 lá;
* Féadfaidh an Seanad moladh a dhéanamh maidir le bille airgid (ach ní féidir leis é a leasú) agus moill a chur ar rith an bhille sin go ceann 21 lá;
* Is féidir billí nach billí airgid iad a thionscnamh i Seanad Éireann ar choinníoll nach mbeartaítear leo an Bunreacht a leasú. Féadfaidh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach.
 
 
 
* Maidir le Comhaltaí den Chomh-Aireacht, is féidir le suas le beirt chomhaltaí den Seanad a bheith ina gcomhaltaí den chomh-aireacht (ach ní an tAire Airgeadais);
* Faoi Airteagal 27 is féidir reifreann nó olltoghchán a thionscnamh más rud é go ndéanfaidh tromlach den Seanad, i dteannta le haon trian amháin den Dáil, achainí chuig an Uachtarán á rá go bhfuil togra sa bhille 'ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur chóir breith an phobail a fháil air'. Ar achainí a fháil, féadfaidh an tUachtarán diúltú a lámh a chur leis an mbille agus dlí a dhéanamh de go dtí go seolfar reifreann nó go dtí go rithfear an bille trí rún ó Dháil nua.
* Cuireann an Seanad srian leis an bhfeidhmeannas ar bhonn leanúnach trí thairiscintí.
* Airteagal 33.5 agus 35.5 den Bhunreacht: Tá gá le rún atá rite ag tromlach an tSeanaid agus na Dála chun an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a chur as oifig "de dheasca mí-iompair nó míthreora"
* Uachtarán a tháinseamh (Airteagal 12.10)
* Chun go leanfar de phróiseas táinsimh, i gcás go ndéanfar cúiseamh agus go dtabharfaidh 2/3 d’aon Teach amháin tacaíocht dó, ní mór don Teach eile é a imscrúdú agus ní mór do 2/3 den Teach eile sin tacaíocht a thabhairt dó.
 
== Ballraíocht ==