An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (dúil)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 19:
Triathmhiotal é an mearcair. Is é sin, ní féidir leis na gnáthaigéid é a chreimeadh. Teastaíonn aigéad nítreach nó sulfarach leis an mearcair a ocsaídiú.
 
Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an mearcair, mar atá, +1 (na comhdhúile mearcarúla) agus +2 (na comhdhúile mearcaracha). Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir an dá adamh mearcair, agus mar sin, is é an t-ainian atá iontu ná Hg<sup>+</sup>-Hg<sup>+</sup>. Is é an calaiméal - an chlóiríd mhearcarúil - Hg<sub>2</sub>Cl<sub>2</sub>, nó HgCl - an ceann is tábhachtaí de na comhdhúile mearcarúla.
 
Maidir leis na comhdhúile mearcaracha, is í an chlóiríd mhearcarach HgCl<sub>2</sub> an ceann is tábhachtaí acu. Sna laethanta a bhí ba nós í a úsáid mar leigheas ar an tsifilis, ach nuair a tháinig na hantaibheathaigh ar an bhfód, d'éirigh na dochtúirí as an mearcair mar chógas, ós rud é gur nimh láidir atá ann.