An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (dúil)"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 25:
===An Meitilmhearcair agus Galar Minamata===
 
Tá sé de chlaonadh sa mhearcair iain mheitilmhearcair [CH<sub>3</sub>Hg]<sup>+</sup> a dhéanamh sa dúlra, ós toradh é an meitilmhearcair do na himoibriúcháin a bhíonn ag an mearcair faoi thionchar na miocrób nádúrtha. Tá an logainm Seapánach úd ''Minamata'' dlúthbhainteach leis an meitilmhearcair, nó sa bhliain 1956 tháinig chun solais go raibh an comhlacht áitiúil ceimice Chisso-Minamata ag scaoileadh fuíolluisce a bhí truaillithe le mearcair le fiche bliain anuas. An galar ba thoradh don truailliú seo, mar atá. ''galar Minamata'' nó ''damhsa an chait'' (toisc go raibh an truailliú le haithint ar iompraíocht na n-ainmhithe féin), tholg muintir na háite é ó na héisc, ós cuid thábhachtach é an t-iasc ide mbiabhia na Seapánach. Mhair Chisso-Minamata ag truailliú na mara ar feadh na mblianta fada, agus d'fhág an truailliú na mílte daoine easlán mura bhfuair siad bás scun scan. Chuaigh grianghrafanna d'iarmharáin an ghalair ar fud an domhain, ach níor admhaigh rialtas na Seapáine go raibh a leithéid de ghalar ann ach sa bhliain 1968. B'éigean do na hiarmharáin dul ag agóid agus brú a chur ar an rialtas agus ar Chisso-Minamata araon leis an admháil seo féin a bhaint amach.
[[File:Pouring liquid mercury bionerd.jpg|thumb|Mearcair leachtach ag teocht an tseomra]]