An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Rósanna"

clib: Mobile edit Mobile web edit
clib: Mobile edit Mobile web edit
 
==Tús na Coimhlinte==
Bhí [[Anraí VI Shasana|Anraí VI Lancaster]] ina rí ar Shasana agus ar chuid den [[an Fhrainc|Fhrainc]] (bhí [[Cogadh na gCéad mBliana]] ar siúl ag an am, ina raibh ríthe Shasana arsa tóir ar choróin na Fraince) agus ina [[Tiarnas na hÉireann|thiarna ar Éirinn]] ó fuair a athair [[Anraí V Shasana]] bás i 1422 agus Anraí óg ina leanbh. Le 1453, chaill Sasana an talamh ar fad a bhí acu sa Fhrainc seachas [[Calais]], agus theip ar na néaróga ag Anraí Rí. Le linn éagruas Anraí, ceapadh [[Risteard, 2ú Diúc Eabhrac]] ina Thiarna Cosantóra, ar mhac garmhac le h[[Éadbhard III Shasana|Éadbhard III]] agus mac gariníon mac Éadbhard III é. Ghabh Risteard a namhad an Diúc Somerset, gaol eile leis an teaghlach ríoga agus príomhchomhairleoir an rí, agus chuir i d[[Túr Londan]] é.
 
I 1454, áfach, tháinig Anraí VI chuige féin arís, agus scaoileadh saor Somerset. Ar eagla go mbeadh air íoc as a rinne sé, thóg Risteard Eabhrac arm agus mháirseáil sé i dtreo Londan. Bhuail sé le harm an rí, a raibh an Diúc Buckingham i gceannas air, in [[St Albans]] i 1455. Cheap an rí Buckingham mar cheannasaí an airm in ionad Somerset ag an nóiméad deiridh, agus bhuaigh arm Eabhrac i g[[Céad Chath St Albans]] ar aon nós. Maraíodh Somerset, agus gabhadh an rí agus tógadh ar ais chuig Londain é. Buaileadh Anraí le meabhairghalar arís, agus arís eile ceapadh Risteard mar Thiarna Cosantóra. Tháinig an rí chuige féin arís an bhliain dar gcionn agus as sin amach, ba í an Bhanríon Margaret Anjou an duine is cumhachtaí i gcomhairle an rí, ach shuigh Risteard ann fós. I 1459, thosaigh Eabhrac agus a chomhghuaillí, an Diúc Warwick, ag tógáil airm arís agus bhris cogadh amach idir iad agus fórsaí Lancaster óir bhí Risteard Eabhrac ag iarraidh an choróin. Níor bhuaigh sé riamh í, ach tar éis a bháis, tháinig a mhac [[Éadbhard IV Shasana|Éadbhard IV]] i gcoróin níos déanaí sa choimhlint.
Úsáideoir gan ainm