An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
Gramadach
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 4:
 
Is í an teanga náisiúnta nó dhúchais agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í an Ghaeilge. Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], ar cuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] é. Ar an [[13 Meitheamh]] [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T. D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
IS É AN CHUMANNACHAS AN TODHCHAÍ
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: ''Gaedhealg'', ''Gaedhilge'' agus ''Gaedhilg'' (i g[[Conamara]]); ''Gaedhilic'', ''Gaeilic'' agus ''Gaeilig'' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]); ''Gaedhealaing'', ''Gaoluinn'' agus ''Gaeilinn'' (i b[[Port Láirge]]); ''Gaelainn'' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]); ''Gaedhlag'' ([[Ó Méith]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]); agus ''Guithealg'' nó ''Goidelc'' (sa [[an tSean-Ghaeilge|tSean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, ''Gaelainn'', le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá ''Gaoluinn'', leis, toisc gur mar ''é'' fada a fhuaimnítear ''ao'' an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.