An difríocht idir athruithe ar: "An tSoirbis"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 24:
Is é an ''Bürger Eydt Wendisch'' ("Móid an Chathróra as Soirbis") ón mbliain 1537 an scríbhinn is sine as Soirbis. Móid atá ann a thabharfadh cathróirí nua Bautzen, go bunúsach. Go ginearálta, áfach, is fuar an fháilte a bhí roimh an tSoirbis sna cathracha. I mBrandenburg, a bhí ina chúige Prúiseach, cuireadh polasaithe i bhfeidhm d'aon ogham leis an teanga a bhaint de bhéal na ndaoine. Mar sin, níor fágadh ach ag muintir na tuaithe í.
 
Ar an 13ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, [[1912]], bunaíodh Domowina, nó Cumann Cultúrtha na Sorbach, i Hoyerswerda. Ní raibh lucht rialtais na Gearmáine sásta, áfach, mórán ruspa a ligean leis na Sorbaigh, agus fiú i mblianta [[Poblacht Weimar|Phoblacht Weimar]], bhíothas ag iarraidh a dteanga a chur faoi chois. Chuaigh na cúrsaí an dá oiread chun donais, áfach, nuair a tháinig [[Adolf Hitler|Hitler]]. Sa bhliain 19361937, chuir na [[Naitsíochas|Naitsithe]] cosc ar Domowina, agus d'fhéach siad leis na Sorbaigh a scaipeadh agus a ruaigeadh as a mbólaí dúchais, iad siúd go háirithe a bhí gníomhach i saol cultúrtha na Sorbach.
[[Íomhá:Bautzen_Ortsschild.jpg|thumb|left|Fógra sa [[An tSacsóin|tSacsóin]] as [[Gearmáinis]] agus Soirbis.]]