An difríocht idir athruithe ar: "Aogán Ó Rathaille"

Content deleted Content added
No edit summary
Naisc
Líne 1:
Ba [[Filíocht|file]] é '''Aogán Ó Rathaille''' ([[1675]]? – [[1729]]), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na [[Gaeilge]] ar a dtugtar ''[[aisling]]''. Rugadh Ó Rathaille i [[Screathan an Mhil]], [[Sliabh Luachra]], [[Contae Chiarraí]]. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.
 
Fuair sé teagasc sa [[Laidin]] agus sa [[Béarla|Bhéarla]] agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na [[dán|dánta]] ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain [[1714]] a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach [[Seoirse I]] (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i g[[Cúige Mumhan]] anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa [[17ú haois|seachtú haois déag]] nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.
 
Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, [[Cill Airne]], Co Chiarraí.