An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tAthair Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Botún litrithe
Líne 40:
Cé gur éirigh leo Craobh Peile Mionúir an Chontae a bhuachaint faoi dhó le linn blianta na 1950í agus an corn faoi-21 sna blianta 1969 agus 1972, ní raibh aon ádh acu i gcomórtaisí fásta ar feadh daichead bliain i ndidaidh ré órga blianta na 1940í. Le linn an ama sin, athraíodh ainm an chlub go dti ''An tAthair Ó Cathasaigh'' in onóir a bhunaitheora. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, b’éigean dóibh titim síos go dti peil idirmheánach. Ach d’athraigh an scéal sa bhliain 1991 nuair a bhuadar na Craobhacha Peile Idirmheánach, Faoi-21 agus Mionúir an Chontae sa bhliain chéanna.
 
Bhí orthu cluichí ceannais na bliana 1994, 1995, 1996 agus 1998 a chailliúint sular tháinig [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] ar ais chuig Mainistir na Féile i ndiaidh buachaint ar [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] sa bhliain 2000. Ghabhadar an corn don ochtú uair sa bhlianbhliain 2006 tar éis [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|Naomh Seanán]] a chloí sa chluiche ceannais.
 
Tá clú mór bainte amach ag An Athair Ó Cathasaigh i gcomótaisí na nóg. Tá corn mionúir an chontae buaite acu faoi sheacht agus an corn faoi-21 faoi chúig. Agus i ndiaidh dóibh Craobh Peile Sóisear A an Chontae a ghabháil sa bhliain 2007, b'iad An tAthair Ó Cathasaigh an chéad chlub riamh i gContae Luimnigh a raibh foireann peile sinsear agus idirmheánach acu ag an am céanna.