An difríocht idir athruithe ar: "CLG Pailís na Gréine"

Content deleted Content added
No edit summary
chlib amháin: Mobile edit
m Botún litrithe
Líne 28:
 
== Cluichí ==
Cé go raibh traidisiún na peile níos láidre sa pharóiste suas go dtidtí [[An Dara Chogadh Domhanda]], tá an béim céanna ar an dá chód sa chlub faoi láthair.
 
== Stair ==
Líne 39:
I ndiaidh dóibh sárú ar [[CLG Ráth Caola|Naomh Mhuire, Ráth Caola]] chun craobh sóisear an chontae a bhuachaint arís sa bhliain 1968, shroich iománaithe Pailís na Gréine cluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] na bliana dár gcionn ach bhuaigh [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Pádraig]] orthu. Le fiche bliain anuas, tá príomh-fhoireann iomána an chluib ag dul suas agus síos idir na gráid sinsear agus idirmheánach. Tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]] i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1995, thiteadar ar ais afg deireadh na bliana 2000. D'éiríodar arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuadar ar [[CLG An Dromainn/An tÁth Leacach|An Dromainn/An tÁth Leacach]] chun an craobh idirmheánach a ghabháil don dara uair ach níor fhanadar ach dhá bhliain sa phríomh-ghrád agus is club iomána idirmheánach é Pailís na Gréine ó shin i leith.
 
Níor éirigh go maith leis an bpeil i bPailís na Gréine ó bhlianta na 1960í suas go go dtidtí an bhlian 1994 nuair a bhuadar Croabh Peile Sóisear an Chontae don tríú uair sa bhliain 1994. I ndiaidh bhuachaint ar [[CLG Baile Stiabhana|Bhaile Stiabhana]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil sa bhliain 2005, shroicheadar cluiche ceannais Croabh Peile na gClub Idirmheánach na Mumhan ach chailleadar i goinne Raonaithe Caribre as Corcaigh.
 
== Páirc Imirthe ==