An difríocht idir athruithe ar: "CLG An Cheapach Mhór"

Content deleted Content added
m fixing dead links
m Botún litrithe
Líne 35:
Bunaíodh an club sa bhliain 1887 i gceartlár cheanntar láidir na hiomána ach bhí fóirne neamh-oifigiúil gníomhach san áit sna blianta roimhe sin. Toisc go raibh na clubanna iomána ba láidre sa chontae ag an an am, [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|Máigh Rua]] agus [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]], ar bhéal dorais An Cheapach Mhór, ba mhall é an fás ar dtús agus is cosúil go raibh roinnt imreaoirí ón bparóiste ar fhoireann Mháigh Rua a bhuaigh an chéad [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1887.
 
Cé gur imir an club i gcomórtaisí a eagraíodh in oirthear an chontae le linn blianta na 1890í, níor ghlac An Cheapach Mhór páirt i g[[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Iomána an Chontae]] don chéad uair go dtidtí an bhliain 1896. D'éirigh thar bharr leo sa chomórtas sa bhliain dár gcionn nuair a shroicheadar an cluiche ceannais ach bhí an míádh orthu gur chasadar ar fhoireann fíor-láidir [[CLG An Charraig Dhubh (Luimneach)|Riobárd Emmet Cill Fhionáin]] agus chailleadar ar an scór 4-9 i gcoinne 4-8. Bhuaigh Cill Fhionáin Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1897 ar son an chontae.
 
Bhí toradh níos rathúla ar chluiche ceannais na bliana 1904. Tháinig corn an chontae chuig an bparóiste don chéad uair nuair a bhuadar [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Bhaile an Gharrdha]].
 
Níor éirigh go maith leo nuair a thosnaigh na comórtaisí arís i ndiaidh [[Cogadh na Saoirse|dTrioblóidí]] agus, maraon le an-chuid clubanna in oirthear an chontae, bhíodar faoi scáth [[CLG Átháin|Átháin]] le linn blianta na 1930í agus na 1940í. Ba chlub iomána sóisear é An Cheapach Mhór agus ba bheag toradh a bhí ar a gcuid saothar go dtidtí gur sháraíodar ar [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Oirthir na bliana 1948. Bhaineadar céim eile amach nuair a bhuadar ar [[CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean|Bhaile an Chaisleáin]] chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae na bliana 1952 a thabhairt abhaile leo.
 
Thosnaigh an bua sin ré órga na hiomána sa pharóiste agus d’éirigh leo [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] a ghabháil faoi cheathar tar éis an lámh in uachtar d'fháil ar Ghaeil an Iarthair sa bhliain 1954, ar [[CLG Clochán (Luimneach)|Chlochán]] sa bhliain 1956, ar [[CLG Naomh Pádraig (Luimneach)|Naomh Pádraig]] sa bhliain 1959 agus ar [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Dhrom Chollachair]] sa bhliain 1964.
 
Bhí an aois ag teacht anuas ar an bhfoireann le linn blianta na 1960í nuair a bhí clubanna láidre nua ar nós [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]], [[CLG Cill Mocheallóg|Cill Mocheallóg]] agus [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] ag teacht chun chin. Bhí ar An gCeapach Mór fanacht go dtidtí blianta na 1980í sular shroicheadar cluiche ceannais sinsear an chontae arís. I ndiaidh dóibh chailliúint i gcoinne Tobar Phádraig sna blianta 1984 agus 1988, tháinig meath ar an iomáint agus thiteadar síos go dtidtí an grád idirmheánach sa bhliain 2002.
 
Lasmuigh den bhliain 1925 nuair a bhuaigh [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|Faing]] orthu i gluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Chontae, ba bheag an suim a raibh ag an gclub sa pheil suas go dtidtí blianta na 1990í nuair a bhuadar Craobh Faoi-21 an Chontae. Chailleadar cluiche cheannais Craobh Peile Sóisear an Chontae faoi thrí sular bhuadar é sa bhliain 2003.
 
== Páirc Imirthe ==