An difríocht idir athruithe ar: "CLG Dún Bleisce"

m
Botún litrithe
No edit summary
m (Botún litrithe)
Nuair ath-thosníodh na craobhacha i ndiaidh teacht na síochána, ba sa pheil a d'éirigh le Dún Bleisce ar dtús. Bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928 i ndiaidh dóibh [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Caisleán Uí Mhathúna]] a chloí sa chluiche ceannais. Tháing Úlla agus Dún Bleisce le chéile faoin ainm ''Raonaithe an Bhaile Nua'' ag tús blianta na 1930í agus chailleadar cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|craobh sinsear an chontae]] faoi dhó i gcoinne [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Ghleanna]] sna blianta 1933 agus 1934.
 
Níor tháinig an iomáint chun chinn go dtidtí blianta na 1930í nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chucu sa bhliain 1937 tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Theampall an Ghleanntáin]] i ndiaidh achomhairc agus d'éirigh leo arís sa chomótas sa bhliain 1941 nuair a sháraíodar ar An gConradh sa chluiche ceannais. D’ímríodar gan toradh sa ghrád sinsear ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin sular fhilleadar ar ais ar an ngrád sóisear ach, cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh sna blianta 1961, 1962 agus 1967, níor éirigh leo arís i gcraobh an chontae.
 
Cuireadh an-iarracht isteach ar na gráid óga le linn blianta na 1960í agus, nuair a shroich na himeroirí na grádanna fásta, bhuaigh Dún Bleisce Craobh Iomána Sinsear Oirthear Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1974. Ach cé gur chlub sinsear é ón am shn i leith, níor éirigh leo i gcomórtaisí an chontae. B’iad 1989, nuair bhuaigh [[CLG Baile Brún|Baile Brún]] orthu, agus 2000, nuair a chailleadar le cúilín amháin i gcoinne [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]], na blianta ba thorthúile dóibh nuair a shroich Dún Bleisce cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]].
50,346

edits