An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cathair Laighin"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Botún litrithe
Líne 35:
Ghlac Cathair Laighin an seans chun a gcuid comharsanna a leanúint sa bhliain 1896 nuair a bhuadar [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] don chéad uair tar éis dóibh sárú ar [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Bhaile an Gharrdha]] sa chluiche ceannais. Chailleadar cluiche cheannais na bliana 1898 i ndiaidh athimirte i gcoinne Na Seamróga nár chríochnaíodh ach tháinig [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|corn an chontae]] ar ais chuig an bparóiste sna blianta 1905 agus 1907.
 
Nuair a bhuaigh [[CLG Clochán (Luimneach)|Clochán]] orthu i gcluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|sinsear an chontae]] na bliana 1916, tháinig meath tobann ar iomáint an chluib. Ba dheachair dóibh imirt le linn na [[Cogadh na Saoirse|dTrioblóidí]]. Nuair a atheagráiodh na comórtaisí le teacht na síochána, ba é [[CLG Feadamar|Feadamar]] an club ba láidre sa cheanntar agus thit Cathair Laighin síos go dtidtí an grád sóisear.
 
Cé gur sháraíodar ar [[CLG Cill Mocheallóg|Chill Mocheallóg]] chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1927 agus arís sa bhliain 1931, bhíodar faoi scáth na dtrí chlub mhór na huaire, [[CLG Átháin|Átháin]], [[CLG Cromadh|Cromadh]] agus Éire Óg, agus theip orthu aon dul chun chinnn a dhéanamh sa ghrád sinsear.
 
Ba chlub sóisear i gcónaí í Cathair Laighin ó bhlianta na 1940í go dtidtí an bhliain 2008. Níor éirigh leo Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh a bhuachaint go dtidtí an bhliain 1971 nuair a sháraíodar ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]]. Tar éis dóibh cluiche cheannais an chontae a chailliúint faoi dhó, i gcoinne [[CLG An Gleann Rua (Luimneach)|An Gleann Rua]] sa bhliain 1974 agus i gcoinne [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]] sa bhliain 2001, tháinig iomáint idirmheánach chuig Cathair Laighin faoi dheireadh nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear A Chontae Luimnigh don tríú uair sa bhliain 2007.
 
D'imir Cathair Laighin peil chomh maith suas go dtidtí gur bhunaíodh Cathair Chinn Lis sa bhliain 1984. Le linn blianta na 1940í, thángadar le chéile le peileadóirí [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|Cathair Fuinse]] ar feadh roinnt blianta chun imirt faoin ainm ''Cóstóirí Ráth Shiúrdáin''. Bhí foireann sách-láidir ag Cathair Laighin féin le linn blainta na 1950í agus na 1960í nuair a shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Oirthir sna blianta 1956, 1957, 1962 agus 1969 ach chailleadar iad go léir.
 
== Páirc Imirthe ==