An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tAthair Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 30:
 
== Stair ==
Téann stair an chluib siar go dtidtí an bhliain 1884 nuair a chláraigh sé faoin ainm ''Mainistir na Féile'' agus tá sé ag imirt peile gan stad ón lá sin. Ba é an sagart cáiliúil náisiúnach tAthair Liam Ó Cathasigh, a d’eagraigh comórtaisí lúthchleasaíochta agus peile sa pharóiste sular bhunaíodh [[Cumann Lúthchleas Gael]] go hoifigiúil, an chéad cathaoirleach.
 
Ba chlub láidir peile í Mainistir na Féile le linn blianta tosaigh CLG agus d'imríodar i gcomórtaisí a eagraíodh in Iarthar Chontae Luimnigh agus i gContae Chairraí. Lean slua mór agus banna práis cáiliúil Mainistir na Féile na peileadóirí go dtidtí Ráth Caola i gcomhair cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliain 1898 ach bhuaigh Na Trádálaithe orthu an lá sin. Bhí orthu cluichí cenannais na bliana 1900 (i gcoinne [[CLG Úlla|Úlla]]), 1904 agus 1911 (an beirt i gcoinne Na Trádalaithe) a chailliúint chomh maith sular tháinig an [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|corn]] chucu faoi dheireadh sa bhliain 1914 nuair a bhuadar ar Na Trádálaithe. Chosnaíodar an teideal sa bhliain dár gcionn nuair a ghéill Na Trádálaithe dóibh gan imirt.
 
Tá tuaiirisc ann faoi chomórtas iomána a eagraíodar i Mainistir Féile inar bhuadar cluiche i gcoinne [[CLG Móin na nGé|Móin na nGé]] ach, lasmuigh de sin, is beag tagairt a bhfuil ann don iomáint i stair an chluib.
 
Ba iad [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Gleann]] na peileadóirí ba láidre in iarthar an chontae le linn blianta na 1920í agus bhí ar Mhainistir na Féile fanacht go dtidtí an bhliain 1932 i gcomhair an chéad bua eile nuair a sháraíodar ar [[CLG Gaeil Ghailtí|Chill Beithine]] i gcluiche ceannais an chontae. Ba iad blianta 1940í an tréimhse ba thorthúile i stair an chluib agus tháinig [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|an corn]] ar ais chuig Mainistir Na Féile sna blianta 1941, 1942 agus 1947.
 
Cé gur éirigh leo Craobh Peile Mionúir an Chontae a bhuachaint faoi dhó le linn blianta na 1950í agus an corn faoi-21 sna blianta 1969 agus 1972, ní raibh aon ádh acu i gcomórtaisí fásta ar feadh daichead bliain i ndidaidh ré órga blianta na 1940í. Le linn an ama sin, athraíodh ainm an chlub go dtidtí ''An tAthair Ó Cathasaigh'' in onóir a bhunaitheora. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, b’éigean dóibh titim síos go dtidtí peil idirmheánach. Ach d’athraigh an scéal sa bhliain 1991 nuair a bhuadar na Craobhacha Peile Idirmheánach, Faoi-21 agus Mionúir an Chontae sa bhliain chéanna.
 
Bhí orthu cluichí ceannais na bliana 1994, 1995, 1996 agus 1998 a chailliúint sular tháinig [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] ar ais chuig Mainistir na Féile i ndiaidh buachaint ar [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha|Drom Chollachair/Béal an Átha]] sa bhliain 2000. Ghabhadar an corn don ochtú uair sa bhliain 2006 tar éis [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|Naomh Seanán]] a chloí sa chluiche ceannais.