An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tOspidéal/Cathair Fuiseog"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Botún litrithe
Líne 37:
Tháinig scoilt le linn blianta na 1940í nuair a bhuníodh club iomána Cathair Fuinse, lean An tOspidéal san iomáint agus d’imir peileadóirí an pharóiste le club eile dárbh ainm dó ''Cill Frois/An tOspidéal''. Ghabh an club peile Craobh Sóisear an Deiscirt don chéad uair i ndiaidh dóibh shárú ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] i gcluiche ceannais na bliana 1950 agus d’éirigh leo arís sna blianta 1955 agus 1956. Le linn na tréimhse céanna, d’imir peileadóirí Cathair Fuinse in éineacht le peileadóirí [[CLG Cathair Laighin|Cathair Laighin]] ar feadh roinnt blianta faoin ainm ''Cóstóirí Ráth Shiúrdáin''.
 
Thit an iomáint agus an pheil i léig ina dhaiadh sin go dtidtí gur tháinig An tOspidéal agus Cathair Fuinse le chéile arís faoin ainm ''Na Fianna'' sa bhliain 1972. D’éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Deiscirt an bhliain dár gcionn ach d’éiríodar as an iomáint ar fad sna blianta 1975 agus 1976 nuair a bhí nasc i bhfeidhm le [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine. Tháinig an chéad theideal an chontae chuig an bparóiste nuair a bhuaigh Na Fianna ar [[CLG Úlla|Ulla]] i gcluiche ceannais Croabh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1975.
 
Nuair a chuireadh deireadh leis an gcomhaontas le Cnoc Áine, thosnaíodar ag imirt iomána agus peile faoi ainm an pharósite. Sa bhliain 1983, ba iad An tOspidéal/Cathair Fuinse an chéad chlub a bhuaigh Craobh Peile Sóisear A (i ndiaidh bhuachaint ar [[CLG An Gleann (Luimneach)|An nGleann]]) agus Craobh Iomána Sóisear A an Chontae (tar éis [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Ardach]] a chloí) sa bhliain chéanna.
Líne 43:
I ndiaidh Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1989, shroich An tOspidéal/Cathair Fuinse trí chluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] as a chéile ach chailleadar i gcoinne [[CLG Gaeil Ghailtí|Fánaithe Ghleann an Chorráin]] sa bhliain 1991, [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]] sa bhliain 1992 agus [[CLG Clochán (Luimneach)|Chlocháin]] sa bhliain 1993. Bhí an míádh orthu ar a gceathrú iarracht chomh maith nuair a bhuaigh [[CLG Baile an Londraigh|Baile an Londraigh]] othu sa bhliain 1999.
 
Ba chlub sinsear sa dá chód é An tOspidéal/Cathair Fuinse tar éis dóibh an bua d’fháil ar [[CLG Saor Theas|Shaor Theas]] i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 2002 ach níor fhan na hiománaithe ann ach ar feadh dhá bhliana. Thiteadar síos go dtidtí an tríú grád an bhliain dár gcionn ach d’filleadar ar an iomáint idirmheánach ar an gcéad iarracht nuair a bhuadar Croabh Sóisear A an Chontae don dara uair i ndiaidh dóibh [[CLG Cróch/Cill na Fíonaí|Cróch/Cill na Fíonaí]] a shárú i gcluiche ceannais na bliana 2005.
 
== Páirc Imirthe ==