An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge Mhanann"

Content deleted Content added
+WD
m Botún litrithe
Líne 34:
 
=== Tionchar na Turasóireachta sa 19ú hAois ===
Nuair a bhí na Manannaigh féin ag dul ar imirce ina sluaite móra, chuir turasóirí saibhre Sasanacha sonrú san oileán mar áit saoire, agus thosaigh siadsan ag tonnadh isteach. D'éirigh gnó na cuairteoireachta ina thionscal mór i Manainn, agus ar ndóigh, bhí an Béarla de dhíobháil ar na bundúchasaigh a bhí ag iarraidh cuplacúpla pingin a shaothrú ag freastal ar na turasóirí. Dá réir sin, thosaigh an malartú teanga in Oileán Mhanann, agus i lár na naoú haoise déag, scoith an Béarla an Mhanainnis mar theanga thromlaigh san oileán. I dtús na fichiú haoise, bhí an Mhanainnis imithe mar theanga phobail, ach mhair seanchainteoirí in áiteanna go dtí an dara leath den aois chéanna. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, [[Ned Maddrell]], bás ar an seachtú lá fichead de Mhí na Nollag sa bhliain [[1974]].
 
=== Athbheochan ===