An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) ce |
m Botún litrithe |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Irish potato famine Bridget O'Donnel.jpg|200px|deas|thumb|Bríd Uí Dhonaill agus a bheirt pháistí i rith an Ghorta.]]
Is é '''an Drochshaol''' nó '''Gorta Mór na hÉireann''' an gorta a bhuail [[Éire]] ón mbliain [[1845]] ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír
Is é an chiall a bhain na [[Náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaithe Éireannacha]] as an scéal ina dhiaidh sin ná go raibh na [[Sasana]]igh d'aon ogham ag féachaint leis na hÉireannaigh a chur de dhroim an tsaoil. Sin é an tuige gurb iomaí duine a thugann '''[[Uileloscadh]] na nGael''' ar an Drochshaol freisin. Is dócha, áfach, gur mhó an líon daoine a fuair bás de dheasca [[Gorta Éireannach 1740 – 1741|ghorta mhór na mblianta 1740 agus 1741 ("Bliain an Áir")]].
Líne 15:
Na barra a bhí le baint faoi dheireadh an [[Fómhar|fhómhair]] a fuarthas truaillithe ag an n[[Galar|galar.]] Sa bhliain 1845, b'é oirthear na tíre ba mhó a bhí thíos leis an tolgadh. Cailleadh an tríú cuid de phrátaí dheireadh an fhómhair, agus faitíos ceart ag teacht ar na daoine go raibh gorta mór ar na bacáin.
:''De réir mar a chuala mé faoin ngalar, tháinig sé de léim oíche nó
== Ceist an Pholasaí Eacnamaíochta agus an Drochshaol ==
Líne 71:
Ní raibh cách sásta glacadh leis an dúchinniúint seo faoi chroí mór maith, áfach. A mhalairt ar fad. Chuaigh cuid nár bheag de na bochtáin i muinín na láimhe láidre le hiad féin a chosaint. Maraíodh roinnt tiarnaí talún, fiú, ach ar ndóigh ní raibh siad siúd ná údaráis an Stáit i bhfad ag tabhairt an choir in aghaidh an chaim. In iarthar na tíre is mó a chuaigh an foréigean chun donais, nó san oirthear b'fhearr leis na tionóntaí cumainn a bhunú lena leas a bhaint amach go dlíthiúil. Ní raibh lucht an rialtais in ann an [[ceartchreidmheachas]] fioscach a shárú, áfach.
[[Íomhá:John Mitchel (Young Ireland).JPG|clé|200px|thumb|[[Seán Mistéal|Seán Ó Mistéil]].]]
Maidir leis na hÉireannaigh Óga, chuaigh siadsan go mór chun radacachais i bhfianaise an Drochshaoil. Sa bhliain 1847, d'fhoilsigh Séamus Fionntán Ó Leathlobhair sraith altanna ag áitiú ar na tionóntaí éirí amach agus ruaigeadh a chur ar na tiarnaí talún. Bhí [[Seán Mistéal|Seán Ó Mistéil]], arís, ag gríosú na scológ chun na tiarnaí talún a dhiúltú faoi chíos. In Earrach na bliana 1848, thosaigh na hÉireannaigh Aontaithe ag ullmhú ceannairce, agus d'éirigh siad amach i mBaile an Gharraí, [[Contae Thiobraid Árann]], ar an [[29 Iúil]] [[1848]]. Ní raibh ann i ndáiríre ach eachtra ghreanntragóideach, áfach. Thug na ceannairceoirí
Cé nach raibh sa cheannairc féin ach sórt ubh ghliogair, ghlac an rialtas an-dáiríre í. Níor cuireadh na reibiliúnaigh chun báis, ach mar sin féin, gearradh pionós dian dóibh, is é sin, cuireadh an loch amach iad go dtí oileán na Tasmáine (nó ”tír Van Diemen”, mar a thugtaí ar an oileán san am) in aice leis an Astráil.
|