An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Cugasacha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Botún litrithe
Líne 19:
Is iad an trí fhine teangacha seo, a cheanglaítear dá chéile mar "theangacha Cugasacha", teangacha fíor-dhúchasacha Chugais. Agus an méid sin ráite, tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil go leor teangacha eile á labhairt sa réigiún:
 
* Teangacha Ind-Eorpacha. Tá go leor [[teangacha Ind-Eorpacha]] le cloisteáil i réigiún Chugais. Is í an [[Airméinis]] an ceann is suimiúla acu, is dócha, nó is craobh inti féin í i gcrann ginealais na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá cuplacúpla [[Teangacha Iaránacha|teanga Iaránach]] ann freisin, go háirithe an [[Óiséitis]], ach thairis sin, labhraítear an teanga Talysh in áiteanna san [[An Asarbaiseáin|Asarbaiseáin]]. Thuas sna sléibhte Cugasacha, cónaíonn Giúdaigh Chugais, agus iad ag labhairt Tat, teanga Iaránach eile. Ar ndóigh, teanga Ind-Eorpach í an Rúisis fosta, agus í coitianta go maith sa réigiún.
 
* [[Teangacha Turcacha]] (nó "teangacha Tuircice"). Is í an [[Asarbaiseáinis]] an ceann is tábhachtaí acu, agus í an-chosúil leis an [[Tuircis]] a labhraítear sa [[An Tuirc|Tuirc]] féin. Tá teangacha eile de chuid den ghrúpa seo á labhairt sa réigiún freisin, ar nós na teanga Karachay-Balkar, na teanga Nogai, agus na teanga Kumyk.