An difríocht idir athruithe ar: "Ár Jokela"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Botún litrithe
Líne 12:
Tá idir ardranganna bunscoile (''peruskoulun yläaste'', do dhaltaí ó 13 bliana go 15 bliana d'aois) agus coláiste (''lukio'', do dhaltaí ó 16 bliana go 18 mbliana d'aois) ag oibriú i Lárionad Scoile Jokela. Bhí Pekka-Eric Auvinen ag freastal ar an tríú rang den ''lukio'', agus é lena scrúduithe ardteistiméireachta (''ylioppilastutkinto'') a chur de sa bhliain a bhí chugainn. Bhí sé ocht mbliana déag d'aois. Ní raibh taifead coiriúil aige, ach b'é an scéal a bhí ag dul timpeall i ndiaidh na n-imeachtaí go bhfuair sé bulaíocht ar scoil. Tá an dá bh'fhéidir ann, áfach.
 
Bhí cárta ballraíochta aige ón ''Helsinki Shooting Club'', club aimsitheoireachta i [[Heilsincí]]. Bhí an cárta ar fáil do chách, ar acht go bhfreastlódh sé ar chúrsa gairid slándála. Nuair a chuaigh sé ar lorg ceadúnais, thaispeáin sé an cárta ballraíochta do na póilíní lena chruthú go raibh an aimsitheoireacht mar chaitheamh aimsire aige. Theastaigh uaidh piostal ar chalabra naoi milliméadar a cheannach, ach níor thug na póilíní ceadúnas dó le haghaidh a leithéide. Is é an cineál piostal a ceadúnaíodh dó ná piostal ar chalabra .22, a bhí ní b'oiriúnaí don tosaitheoir. Ní raibh drogall ar na póilíní an ceadúnas a bhronnadh air, ó nach raibh taifead coiriúil aige. Fuair sé an ceadúnas ar an 19 Deireadh Fómhair 2007, cuplacúpla seachtain roimh an ár.
 
Ceoltóir proifisiúnta is ea athair Auvinen, agus a mháthair páirteach i saol na polaitíochta sna Glasaigh. Maidir leis an mac, bhí sé ag cur suime i gcúrsaí na polaitíochta ó bhí sé ina bhrín óg, ach le déanaí, bhí sé ag éirí díograiseach i leith smaointí [[Friedrich Nietzsche]] faoin osduine. D'fhág sé ina dhiaidh cineál forógra ina raibh sé ag caitheamh anuas ar an gcuid ba mhó den chine dhaonna, agus é den bharúil go raibh meath ag teacht ar an gcine daonna, ó nach raibh an roghnú nádúrtha ag dealú na rogha ón díogha a thuilleadh. Mar sin, thug sé le fios go raibh sé ag iarraidh an roghnú sin a chur i gcrích ina scoil féin tríd na daoine laga a mharú. Bhí tionchar ón náisiúnachas Fionlannach, ón gciníochas agus ón nua-[[Naitsíochas]] le haithint ar a chuid scríbhinní chomh maith, ach san am céanna, cháin sé na maolchloignigh, ó bhí sé barúlach gur daoine den droch-chineál a bhí iontu, agus é féin ina osduine.