An difríocht idir athruithe ar: "Lughaidh na Riabh Dearg"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 12:
 
==Coinbhleachtaí==
Rinne an draoi Eithne, iníon Eochaí Feidhil, tairngreacht go maródh í le mac a deirféar Clothru. Dá bharr, theith Ethne go Cruachan chun a mhac féin a thógáil chun saoil. Chuaigh Lughaidh ar a tóir, áfach, agus bháigh í. Ghearr sé a mac, [[Furbaide]] Fer-benn ad a broinn. In am trátha, in aois a 17, d'iarr sé díoltas a bhaint ar Lughaidh as bás a mháthar, agus mharaigh sé Clothru. Mharaigh Lughaidh Furbhaidhe dá bhárrbharr ar [[Sliabh Uillean|Shliabh Uillean]].<ref>[https://archive.org/stream/revueceltique16pari#page/38/mode/1up]</ref>
 
Is amhlaidh go bhfuil roinnt tréithe an scéil seo ar nós na tairngreachta go mbásfadh [[Lugh]] Lamhfhada, mac Eithne, a sheanathair, [[Balor]] Biordhearcach.
Líne 23:
{{main|Anbhás Dhearbhfhorghaille}}
 
I lár an gheimhridh lá, rinne fir na nUladh galláin sneachta. Chuaigh na mná in iomaíocht ar a chéile, chun a fhiosrú cé acu gurbh fhéidir mún is doimhne insna galláin agus dá bhárrbharr, cé acu ba mheallacaí. Shroich mún Derbhfhorghaill an talamh, agus ite le héad, d'ionsaigh na mná eile í, ag baint na súl asti, ag scoitheadh na sróine agus na gcluas di, agus ag bearradh a cuid gruaige. Thug Lughaidh faoi deara an sneachta neamhleáite ar dhíon a tí, agus tuigeadh dó go raibh sí ar tí bás d'fháil. Chuaigh seisean agus Cú Chulainn faoin dheifir isteach, ach fuair sí bás tamall ina dhiaidh. D'éag Lughaidh de bhrón. Mar chúiteamh, leag Cú Chulainn teach na mban go talamh agus iad laistigh, agus mharaigh 150 (trí chaoga) dóibh.<ref>[[Carl Marstrander]] (eag. & aistr.), "The Deaths of Lugaid and Derbforgaill", ''Ériu'' 5, 1911, ll. 201–218</ref>
 
==Roghanna eile==