An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cathair Laighin"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 35:
Ghlac Cathair Laighin an seans chun a gcuid comharsanna a leanúint sa bhliain 1896 nuair a bhuadar [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] don chéad uair tar éis dóibh sárú ar [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Bhaile an Gharrdha]] sa chluiche ceannais. Chailleadar cluiche cheannais na bliana 1898 i ndiaidh athimirte i gcoinne Na Seamróga nár chríochnaíodh ach tháinig [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|corn an chontae]] ar ais chuig an bparóiste sna blianta 1905 agus 1907.
 
Nuair a bhuaigh [[CLG Clochán (Luimneach)|Clochán]] orthu i gcluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|sinsear an chontae]] na bliana 1916, tháinig meath tobann ar iomáint an chluibchlub. Ba dheachair dóibh imirt le linn na [[Cogadh na Saoirse|dTrioblóidí]]. Nuair a atheagráiodh na comórtaisí le teacht na síochána, ba é [[CLG Feadamar|Feadamar]] an club ba láidre sa cheanntar agus thit Cathair Laighin síos go dtí an grád sóisear.
 
Cé gur sháraíodar ar [[CLG Cill Mocheallóg|Chill Mocheallóg]] chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1927 agus arís sa bhliain 1931, bhíodar faoi scáth na dtrí chlub mhór na huaire, [[CLG Átháin|Átháin]], [[CLG Cromadh|Cromadh]] agus Éire Óg, agus theip orthu aon dul chun chinnn a dhéanamh sa ghrád sinsear.