An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"
Content deleted Content added
m Botún litrithe |
m Botún litrithe |
||
Líne 31:
== Stair ==
Fiú amháin roimh bhunú
Tagann an chéad tuairisc nuachtáin faoi imirt na gcluichí Gaelacha sa pharóiste ó Mhí Nollaig na bliana 1887 nuair a chaill Caisleán Uí Chonaill cluiche ceannais Comórtas Iomána [[CLG Áth an Mhuilinn (Luimneach)|Chill Mhuire]] i gcoinne [[CLG Saor Theas]]. Tá tagairt eile ann do chluiche iomána sa bhliain 1895 i gCill Mhuire arís inar bhuaigh [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] ar fhoireann darbh ainm di ''Átháin'' agus bhí foireann ann ag imirt faoin ainm ''Baile an Bharraigh'' nuair a chailleadar cluiche iomána i gcoinne [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|Máigh Rua]] i Mí Feabhra na bliana 1903. Bhí foireann peile sa cheanntar ag an am gcéanna faoin ainm ''Áth na Coite'', a bhí bunaithe i leath-pharóiste [[CLG Móin a' Lín|Mhóin a' Lín]] agus tháinig roinnt dá imreoirí as paróiste Chaisleán Uí Chonaill. Ach maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar go léir as a chéile le linn na [[Cogadh na Saoirse (Éire)|dTrioblóidí]] agus [[An Chéad Cogadh Domhanda]].
|