An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cnoc an Doire (Luimneach)"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Litriú caighdeánaithe
Líne 48:
Ós rud é go raibh an béim dírithe i gcónaí ar an iomáint, cuireadh iarracht isteach sa pheil ach amháin sna blianta sin inar bhuadh ar an bhfoireann iomána go luath sa samhradh. D’éirigh leo ó am go ham i gCraobh Peile Sóisear B an Iarthair agus bhí foireann sách-láidir ag Cnoc an Doire le linn blianta na 1990í. Chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Chontae na bliana 1998 i ndiaidh athimirt i gcoinne [[CLG Áth Dara|Áth Dara]] ach, nuair a thángadar ar ais sa bhliain dár gcionn, bhuadar ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]] chun an teideal a ghabháil. D’imríodar sa ghrád sóisear A ar feadh roinnt blianta agus, i ndiaidh dóibh titim ar ais go dtí an bunghrád, bhuaigh [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] orthu i cluiche ceannais an chontae sa bhliain 2005.
 
== Páirc ImirtheImeartha ==
Tá páirc imeartha an chlub suite 100m ó dheas ó phríomhshráid sráidbaile Cnoc an Doire taobh thiar d’Oifig an Phoist. Ba pháirc an phobail í nuair thosnaigh Cnoc an Doire ag imirt inti sa bhliain 1936 ach ceannaíodh í sular chothromaíodh an dromchla imeartha timpeall na bliana 1980. Osclaíodh go hoifigiúil í sa bhliain 1986.