An difríocht idir athruithe ar: "An tIarthar Fiáin"

Content deleted Content added
No edit summary
m Gramadach — 4ú díochl.
Líne 11:
== Sealbhú na gCríoch Thiar ==
 
Bunaíodh na chéad choilíneachtaí [[An Eoraip|Eorpacha]] ar an gcósta thoir sa tseachtú haois déag, agus teorainn nádúrtha idir iad agus an tIarthar, mar atá, [[na Sléibhte Apaláiseacha]]. A fhad is a bhí a ndóthain idir lámhaibh ag na coilínithe agus iad ag tabhairt an chósta thoir chun míntíreachais, ba chuma leo faoi na tailte ar an taobh eile de na sléibhte. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá amach a neamhspleáchas, nó ansin, thosaigh lucht na hinimirce ag socrú síos ina sluaite síoraí san Iarthar. Mar sin, ghluais an teorainn thiar go dtí an chéad bhacainn mhór nádúrtha. I ndiaidh [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá|Chogadh na Réabhlóide]], d'éirigh na cumhachtaí Eorpacha as a bheith ag iompairc faoi na tailte seo, agus tháinig na Stáit Aontaithe ar an bhfód mar chumhacht réigiúnda i ndáiríre. Le teacht na síocháin, baineadh na srianta den fhairsingiú siar. Bhí saint ag na coilínithe nua i dtalamh curadóireachta, agus iad ag sealbhú tailte nua i [[Nua-Eabhrac (stát)|Stát Nua-EabhraicEabhrac]] agus trasna na Sléibhte Apaláiseacha.
 
I dtús na naoú haoise déag, bhí teorainn thiar na Stát Aontaithe ag cloí le hAbhainn Mississippi, a bheag nó a mhór. Ritheann an abhainn ó theas aduaidh taobh thiar de locha móra Mheiriceá go dtí an t-inbhear áit a bhfuil New Orleans inniu. Ba é St. Louis i stát Missouri an chathair ba mhó sna críocha thiar san am. Ba í an chathair sin an geata amach dóibh siúd a bhí ag taisteal anoir, agus ba é an príomh-lárionad tráchtála dóibh siúd a bhí ag taisteal ar feadh na habhann nó ag déanamh gnó níos sia siar.