An difríocht idir athruithe ar: "Canáil Erie"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Litriú caighdeánaithe
Líne 1:
[[Íomhá:Erie-canal 1840 map.jpg|mion|sa bhliain 1840]]
Canáil a cheanglaíonn [[abhainn an Hudson]] is ea '''Canáil Erie''', gar do [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]], agus a thrasnaíonn Stát [[Nua -Eabhrac (stát)|Nua -Eabhrac]] go [[Loch Erie]], ceann des [[na Locha Móra]] ar theorann [[Ceanada|Cheanada]] agus [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]. Bhí an-tábhacht ag an chanáil le forbairt Chathair [[Nua -Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]], mar gur féidir loingeas a sheoladh ón gcathair sin an bealach ar fad go [[Chicago]] agus ar fud [[Na Lochanna Móra|na Locha Móra]] ina dhiaidh a thógáil.
[[Íomhá:Travelling on the Erie Canal. (3990762262).jpg|mion|1826]]
[[Íomhá:Erie canal lockport c1855.jpg|mion|Lockport, 1855]]
Líne 12:
Thosaigh an obair ar an gcanáil in 1817 agus de réir Carl Wittke "We Who built America." bhí breis agus 3000 Éireanach ag obair uirthi in 1818. Mhéadaigh faoi dhó ar an uimhir sin gach bliain ina dhiaidh sin..
 
Sul ar tosaíodh ar an gcanáil, chaith suirbhéir darbh ainm Canvass White tamall i Sasana ag féachaint ar na canálacha a togadh ansan. Casadh innealtóir tógála darbh ainm J.J. McShane air agus d’éirigh cairdeas eatarthu. Dob as Tiobrad Arann dó agus bhí slua Éireannach ag obair faoi. D’éirigh le White, McShane agus a fhoireann a mhealladh anall go Nua -Eabhrac. Ansan thosaigh sé ag earcú in Éirinn. Tháinig na mílte agus d’fhágadar a rian ar an dtír. D’fhan cuid acu sna bailte beaga agus móra a d’fhás suas ann. Mhéadaíodar ar dhaonra Albany, Troy, Utica, Syracuse, Rome, Auburn, Rochester, Lockport, agus Buffalo.<ref name=":0" />
[[Íomhá:Water Level Route on US map cropped.png|mion]]
Lean sagairt mhiseanacha na hoibrithe ag léamh aifrinn agus ag éisteach faoistine. Pinginí na n-oibrithe a thóg na céad teampaill Chaitliceacha i dtuaisceart Nua -Eabhrac. As an obair san d’fhás deoisí Albany, Buffalo agus Rochester.
[[Íomhá:ErieCanal2019FromWintonRoadBridgeEveningAfterFilling.jpg|mion|Brighton, Monroe County, New York]]
 
=== Lá oscailte ===
Ar [[26 Deireadh Fómhair|26 Deireadh Fómhair]] [[1825]], osclaíodh an chanáil go hoifigiúil. Bhí an Gobharnóir DeWitt Clinton i mBuffalo don ocáid. Bhí paráid mhór acu go ceann na canála agus chuaigh De Witt Clinton ar bord báirse agus thosaigh ceithre chapall ghlasa á tharraingt síos an chanáil. Ar bord an bháirse bhí dhá shoitheach lán d’uisce ó Loch Erie agus bhíodar chun an t-uisce a thabhairt go Nua -Eabhrac ar an mbád agus é a chaitheamh sa bhfarraige. Nuair a d’fhágadar Buffalo scaoileadar gunna mór. Leath mhíle síos an chanáil bhí gunna eile agus nuair a chuala an gunnadóir an chéad cheann scaoil sé an tarna ceann agus mar sin de síos go dtí Nua -Eabhrac. Bhí 1812 gunna ar fad réitithe acu. Thóg sé 81 nóiméad chun an dea-scéala a chur go Nua -Eabhrac.
 
=== Taisteal ===
Nuair a oscalaíodh an chanáil idir Albany agus Loch Erie i 1825, ba cheann de iontaisí móra an domhain í. D’fhéadfadh bád, anois, dul ó Nua Eabhrach go dtí na Locha Móra. Ní raibh an [[bothar iarainn]] fós ann agus mar sin bhí ana éileamh ar na báid chun daoine agus earraí a iompar.
 
Chosain ticéad den chéad ghrád $4 ó Nua -Eabhrac go Albany agus ó Albany go Buffalo $14. Thóg an t-aistear sin tuairim is sé lá (thóg an cóiste coicís ar bhóithre garbha Nua -Eabhrac).<ref name=":0" />
 
== Féach freisin ==