An difríocht idir athruithe ar: "Banc Angla-Éireannach"

m
Litriú caighdeánaithe
m (Botún litrithe)
m (Litriú caighdeánaithe)
Ba é iasachtaí do thógálaithe agus d'fhorbróirí eastát réadach an chuid is mó de ghnó Bhanc Angla-Éireannach agus buaileadh an banc go trom i dtitim mhargadh maoine in Éireann sa bhliain 2008.
 
Sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2008, tar éis do na bainc a bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí le blianta, bhí an t-[[iasachtú fophríomha]] i dtrioblóid. Ar an [[14 Márta]] 2008, thug an [[Federal Reserve]] iasacht $25 billiún do Bear Stearns, bróicéir dócmhainneach i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua -Eabhrac]]. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí ag an am. Rinneadh dochar do mhuinín lucht [[gnó]] agus tháinig lagmhisneach ar infheisteoirí timpeall an domhain.
[[Íomhá:Bear Stearns Logo.svg|clé|mion]]
Ar an [[17 Márta]], nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%, i bhfianaise imní faoi thodhchaí an bhainc.<ref>30 Days in September: An Oral History of the Bank Guarantee, [http://www.thejournal.ie/bank-guarantee-oral-history-30-september-2008-1103254-Dec2014/ .thejournal.ie] [http://www.thejournal.ie/bank-guarantee-oral-history-30-september-2008-1103254-Dec2014/ 17 Nollaig 2014] </ref>
Ar an 31 Iúil 2015, gearradh téarmaí [[príosún]]<nowiki/>achta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Píonós gearrtha inniu ar thriúr iar-fheidhmeannach le Anglo|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0731/718414-pionos-le-gearradh-inniu-ar-thriur-iar-fheidhmeannach-le-anglo/|date=2015-07-31|language=ga|author=Nuacht RTÉ|journal=|volume=|issue=}}</ref>.
 
Ar an [[20 Meitheamh]] [[2018]], gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008<ref>{{Luaigh foilseachán|title=6 bliana sa phríosún gearrtha ar David Drumm|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2018/0620/971890-6-bliana-sa-phriosun-gearrtha-ar-david-drumm/|date=2018-06-20|language=ga|author=Nuacht RTÉ|journal=|volume=|issue=}}</ref>. Dúirt an breitheamh go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.[[Íomhá:Anglo Irish Bank 0829.JPG|clé|mion|Anglo Irish Bank, Nua -Eabhrac]]
 
Bhí sé curtha ina leith go ndearna Drumm é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. Phléadáil Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint.
47,877

edits