An difríocht idir athruithe ar: "Séamas Ó Lorcáin"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 6:
== Luathshaol ==
 
Saolaíodh Ó Lorcáin ar an 21ú Eanáir 1874 mar an dara mac is sinne go eisimircigh Éireannach, Séamas Ó Lorcáin agus Máire Áine Mac an Ultaigh, an beirt acu ó Chontae Ard Mhacha. Bhí chónaí ar Ó Lorcáin agus a chlann i slumaí Learpholl agus iad beo bocht. Ó aois a seacht ar aghaidh, d'fhreastalfhreastail sé ar scoil ar maidin agus chuaigh sé ag obair um thrathnóna chun cuir leis an ioncam teaghlaigh, socrúchán a bhí coiteanta i measc na teaghlaigh lucht oibre ag an am. Fuair a athair bás agus é 14 agus thosaigh sé ag obair mar phrintíseach ag an gnólacht a bhí a athair ag obair le, ach dífhostaíoch é tar éis dhá bhliain. Bhí sé dífhostaithe ar feadh tamaill agus ansin bhí sé ag obair mar mhairnéalach agus dugaire. Faoi 1903, bhí sé mar shaoiste na ndugaí agus ar an 8ú Meán Fómhair 1903 phós sé Éilís Mac an Bhreithiún.
 
Ó 1893 ar aghaidh, bhí suim ag Ó Lorcáin ins an sóisialachas agus ghlac sé ballraíocht i bPáirtí an Lucht Oibre Neamhspléach. I 1905, bhí sé mar cheann de na saoistí a ghlac páirt i stailc ar dugaí Learphoill. Tógadh é ar an gcoiste stailce agus cé gur chaill sé a phost mar saoiste mar thoradh ar an stailc, chuaigh a fheidhmíocht i gcion go mór ar Aontas Náisiúnta na nDugairí agus fostaíodh é mar eagraí sealadach ar an aontas. D'éirgh leis post buan a bhaint amach leis an aontas níos déanaí agus i 1906 chuir an aontas go hAlbain é, áit a d'eagraigh sé oibrithe i bPreston agus Glaschú go rathúil.