An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
{{Síol-ua}}
m gramadach
Líne 39:
Bhí clú agus cáil ar Chosacaigh Zaporizhia. Bhí an-ról acu i ngeopholaitíocht na hEorpa Thoir, agus iad ag comhoibriú leis an stát Polannach-Liotuánach nó ag cur catha air, de réir mar ab áil leo. Bunaíodh an chéad Mharcshlua Cosacach i Zaporizhia sa bhliain 1552, nuair a thóg Dmytro Vyshnevetsky daingean in [[Oileán]]Khortytsia in Íochtar [[An Dnípir|na Dnípre]]. Faoi lár na [[17ú haois|seachtú haoise déag]], d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia amach in aghaidh na bPolannach faoi cheannas Bogdan Chmielnicki (nó Bohdan Khmelnytsky), agus de thoradh na ceannairce seo tháinig an chéad stát neamhspleách Cosacach ar an bhfód i Zaporizhia. Ina dhiaidh sin, d'iompaigh an stát seo ina heatmánacht fhéinrialaitheach, stát a thug urraim d'Impire na Rúise, agus é á rialú sách neamhthuilleamach ag an heatmán, is é sin, ceannasaí an mharcshlua. Sa dara leath den ochtú haois déag, scrios na húdaráis Rúiseacha marcshlua Zaporizhia, agus d'aistrigh iarsmaí an mharcshlua go réigiún na Danóibe agus ina dhiaidh sin go dtí an réigiún chois Mhuir Mheoid. I ndiaidh na bliana 1828 bhí an chuid ba mhó de Chosacaigh na Danóibe tar éis socrú síos i réigiúin Chosacacha Kuban agus Mhuir Mheoid. Inniu, ní bhíonn Cosacaigh Kuban admhálach gur Úcránaigh eitneacha iad, ach is féidir a mhaíomh gur canúint de chuid na hÚcráinise a labhraíonn siad, agus is féidir blas na hÚcráine a aithint ar a gcuid béaloidis.
 
Ba nós le Cosacaigh Zaporizhia an ríocht Otamánach - an Tuirc - agus na stáit soip a bhain léi a ionsaí go tráthrialta, ach ní hionann sin is a rá nach dtabharfaidís faoi thíortha eile ag déanamh foghla. Ba é ba toradh don nós seo ná go ndeachaigh na cúrsaí chun teannais ar theorainn theas Chomhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus fad is a mhair an Comhlathas níor stop an mhionchogaíocht ar fud na teorainneteorann sin.
 
Sa bhliain 1539 d'iarr an Sabhdán Otamánach ar Vasiliy a Trí, Ard-Phrionsa Mhoscó, bac éigin a chur ar fhoghlacha na gCosacach, ach is é an freagra a fuair sí ná: "Ní mhóidíonn na Cosacaigh mionna dílseachta domsa: a rogha saol a bhíonn acu." Sa bhliain 1549, d'fhreagair Ivan Uafásach, Sár na Rúise, impí den chineál chéanna ón Sabhdán mar seo: "Ní géillsinigh de mo chuid féin iad na Cosacaigh chois Abhainn Don, agus is i nganfhios dom féin a imíonn siad chun cogaidh agus a mhaireann siad sa tsíocháin." Chloisfeá caint den chineál seo go minic idir an Rúis, Comhlathas na Polainne agus na Liotuáine, agus an Tuirc Otamánach, agus gach ríocht acu ag iarraidh a leas féin a bhaint as Cosacaigh Zaporizhia in aghaidh an dá stát eile. Sa 16ú haois, agus an Comhlathas ag cur a ceannasaíochta i bhfeidhm ar thailte móra theas, ghlactaí leis go bunúsach gur géillsinigh Pholannach-Liotuánacha a bhí sna Cosacaigh. Go dtí an bhliain 1699, ba chuid d'Arm an Chomhlathais iad na "Cosacaigh Chláraithe", mar a thugtar orthu.