An difríocht idir athruithe ar: "Loingseoireacht"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Caoi a fháil an bealach a dhéanamh ó áit go háit eile go sábháilte. Baineann sí le taisteal ar an bhfarraige, san aer, agus ar tír. Tá loingseoir...' |
m Litriú caighdeánaithe |
||
Líne 1:
Caoi a fháil an bealach a dhéanamh ó áit go háit eile go sábháilte. Baineann sí le taisteal ar an [[Farraige|bhfarraige]], san aer, agus ar tír. Tá loingseoireacht neamhaí ann le fada fada. Is féidir leis an loingseoir domhanleithead an árthaigh a thomhas ó uillinn [[An Ghrian|na Gréine]] nó [[Réalta|réaltaí]] eile os cionn bun na spéire le [[seiseamhán]], agus an domhanfhad a ríomh ón am áitiúil, curtha i gcomparáid leis an am i nGreenwich ag 0° domhanfhaid. Tá an t-am bunaithe ar am rothlaithe [[An Domhan|an Domhain]], agus thomhaistí go han-chruinn ar bord loinge é le cróiniméadar. Tugtar buille faoi thuairim ar an loingseoireacht is simplí. Déantar ionad na loinge nó an eitleáin amach ón eolas ar a luas, a threo ó léamh an chompáis (a threo-uillinn), is a fhad ama ag taisteal go rialta le linn an aistir, agus tarraingítear an cúrsa ar chairt. Is féidir an buille faoi thuairim a fheabhsú le hiarmhairtí na gaoithe is na dtaoidí a chur san áireamh chun an t-ionad a mheas roimh é a chur ar an gcairt. Loingseoireacht eile is ea an phíolótaíocht: baintear feidhm as airíonna cosúil le pointí suntasacha geografacha, foirgnimh arda, tithe [[Solas|solais]] is eile ar feadh an aistir. Tá míbhuntáiste le gach ceann acu seo, nach rómhaith iad nuair nach mbíonn léargas maith ann. Is féidir loingseoireacht leictreonach a úsáid beag beann ar aimsir nó oíche, agus córas den saghas seo is mó a úsáidtear anois. Tá
{{Fréamh an Eolais}}
|