An difríocht idir athruithe ar: "Nicolas Appert"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 74 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q39637 (translate me)
No edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
[[Íomhá:Appert Nicolas.jpg|thumb|Nicolas Appert]]
Sólaisteoir agus aireagóir [[An Fhrainc|Francach]] ba ea '''Nicolas Appert''' (Châlons en Champagne [[17 Samhain]], [[1749]]- Massy [[1841]]).<ref>http://www.appert-aina.com, Jean-Paul Barbier ''Nicolas Appert inventeur et humaniste'', Paris, Royer, 1994 </ref>
 
Líne 8:
 
Faoin mbliain 1795 bhí a shainmhodh caomhnaithe beartaithe aige agus chuir sé bailchríoch air ina dhiaidh sin; thosaigh sé ag soláthar bia don Chabhlach, agus tar éis gur chuir [[Napoléon Bonaparte]] in iúl gur bhreá leis bia caomhnaithe a bheith ar fáil ag an Arm, d'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1810 dar theideal: ''Le livre de tous les ménages ou L’art de conserver pendant plusieurs années toutes les substances animales ou végétales''.
[[Íomhá:Trafalgar1.jpg|clé|thumb|Trafalgar]]
 
Bhí fáilte roimh an leabhar seo sa [[An Bhreatain|Bhreatain]], ach ní bhfuair Appert aon airgead dá bharr, cé go raibh na [[Sasana]]igh sásta ardmholadh a thabhairt dó. Bhain Bryan Donkin agus John Hall feidhm as boscaí stáin seachas as buidéil agus iad ag brath ar obair an aireagóra Pierre Durand. (Bhí breis slí sna boscaí ach ba dheacair iad a oscailt.) Sa Fhrainc tháinig laghdú mór ar an éileamh a bhí ar bhia chaomhnaithe le haghaidh turais fhada mhara agus na cogaíochta de bharr mheath an Chabhlaigh tar éis dhíomua [[Trafalgar]] agus imdhruidim na Mór-Roinne. Scriosadh Appert de bharr choimhlint na mBriotanach, dream a raibh teacht réidh ar stán acu, agus bhí sé ar an anás nuair a cailleadh é.