An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Litriú caighdeánaithe
Líne 17:
Bhí an t-oileán úd ''Númenór'' suite san Fharraige Mhór—nó sna Farraigí Dealaitheacha, ''The Sundering Seas—''idir Aman agus an Meán-domhan. Bhronn na ''Valar'' ar an gcine daonna é, ó tháinig na Daoine chun fortachta do na hEilbh le linn Chogadh na Seod, cogadh a chuir na hEilbh ar Mhorgoth, an ''Vala'' a d'iompaigh ina "dhiabhal". Mar sin, thug muintir Númenór ''Yôzâyan'', nó Tír an Bhronntanais, ar Númenór ina dteanga féin, an teanga ''Adûnaic''. Bhí teangacha na nEalbh, an teanga ''Sindarin'' agus an teanga ''Quenya'', á labhairt is á staidéar go forleathan i Númenór.
 
Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leathinisleithinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an tsléibhe, thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le h''Erukyermë'' (teacht an Earraigh), ''Erulaitalë'' (lár an tsamhraidh) agus ''Eruhantalë'' (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar. Ba é Armenelos príomhchathair Númenór, agus bhí an cuan úd Rómenna in oirthear an oileáin suite taobh istigh de chríocha Mittalmar, idir an dá leathinisleithinis úd Orrostar agus Hyarrostar.
 
D'iompaigh muintir Númenór ina seoltóirí agus ina mairnéalaigh mhóra, go háirithe faoi cheannas Vëantur, a bhí ina cheannasaí ar chabhlach an rí (tá cur síos air seo le léamh sa scéal ''Aldarion and Erendis'', sa leabhar ''Unfinished Tales''). Bhí sé de gheasa orthu, áfach, gan seoladh chomh fada siar leis an Ríocht Bheannaithe. I rith an ama, thosaigh an cosc seo ag cur isteach orthu, ó shíl siad go mbeadh neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí suthain ar fáil sna Tailte Neamhbhásmhara. Sa deireadh, d'éirigh siad as Eru Ilúvatar a urramú agus teangacha na nEalbh a labhairt. Ansin, ghléas an rí Ar-Pharazôn fórsa sluaíochta de longa leis an Ríocht Bheannaithe a ionsaí agus an neamhbhásmhaireacht a bhaint amach do na Daoine le lámh láidir. Nuair a chuaigh an fórsa sluaíochta i dtír thiar in Aman, áfach, tháinig feirg ar Eru Ilúvatar, agus bhain sé an Bronntanas de na Daoine: chuir sé Númenór i dtóin phoill leis an gcuid is mó de mhuintir an oileáin.