An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe
m Litriú caighdeánaithe
Líne 142:
I dtús na Dara hAoise, fuair na Daoine an t-oileán úd Númenór mar bhronntanas ó na ''Valar'', nó ''Yôzâyan'', Tír an Bhronntanais, mar a thug siad air ina dteanga féin, an ''Adûnaic''. San am céanna, is iomaí Ealbh a fuair fáilte ó na ''Valar''. Bhí na Númenóraigh ní b'fhadsaolaí ná na Daoine eile. Chuaigh siad le seoltóireacht, agus iad ag teacht ar cuairt i gcuanta an Mheán-domhain agus ag múineadh scileanna nua do mhuintir na n-áiteanna sin. I rith na blianta, áfach, tháinig éad ar na Númenóraigh leis na hEilbh, ó bhí saol suthain síoraí acu siúd. Nuair a bhí na Númenóraigh i bpraidhm a gcumhachta (seachas i mbarr a maitheasa), bhí siad ina dtiarnaí agus ina dtíoránaigh ar Dhaoine an Mheán-domhain, in áit a bheith ag tabhairt cabhrach agus oideachais dóibh.
 
CuplaCúpla céad bliain i ndiaidh thús na Dara hAoise, thosaigh Sauron, iar-sheirbhíseach de chuid Morgotħ, ag eagrú is ag rialú na n-arrachtaí agus na n-ainmhithe drochmhúinte in Oirthear an Mheán-domhain. D'áitigh sé ar na saoir i gceártaí na nEalbh in Eregion Fáinní na Cumhachta a shaoirsiniú. Faoi rún, áfach, rinne sé féin an t-Aon Fháinne Amháin a raibh de chumhacht ann na fáinní eile a rialú agus a choinneáil faoi smacht, nó mar a ghrean Sauron féin san fháinne:
 
:''ash nazg durbatulûk, as nazg gimbatul'',