An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

3,036 bytes added ,  1 mhí ó shin
no edit summary
(Cealaíodh athrú 1053436 le 2603:7080:4C3F:FE1B:F162:89EE:6FE0:1A29 (plé))
No edit summary
chlib amháin: Reverted
{{WD Bosca Sonraí Teanga}}
Ní féidir liom a bheith cúisithe go bhfuilim claontach nuair a dhéanaim iarracht a chur ina luí ort gur cheart dúinn Gaeilge a chleachtadh, mar ní saincheist polaitiúil nó sóisialta é seo, is í ár dteanga í agus gan ceist, ba cheart dúinn í a choinneáil beo agus bríomhar.
 
I mo thuairimse, tá sé an-tábhachtach an teanga a chaomhnú agus a chleachtadh. Ní thuigeann mórchuid na ndaoine fíorluach a bheith in ann ár dteanga dhúchais a labhairt agus cé chomh tábhachtach agus atá sé í a choinneáil beo. Níl an Rialtas na hÉireann ag déanamh go leor agus mura ndéanaimid rud éigin, beidh an Ghaeilge as feidhm i gceann cúpla bliana. Tá teanga féin againn seachas Béarla agus ba cheart dúinn a bheith an-bhródúil as sin.
Áfach is oth liom a rá go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla ag laghdú go gasta, mar níl go leor deiseanna oibre i gceantair Gaeltachta (mar gheall ar an cúis sin, bogann siad go ceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht, nó thar sáile fiú) agus mar gheall ar cúiseanna eile a luafaidh mé níos déanaí. Éiríonn go leor daoine líofa agus iad ar scoil, ach déanann siad dearmad ar an teanga tar éis a fhreastalann siad ar an choláiste - na fáthanna? Ní bhíonn seans acu an teanga a úsáid go laethúil, agus ní bhíonn ar cuimhin acu ach cúpla frásaí bunúsacha. Is gá don Rialtas (agus dúinn féin) níos mó iarracht a dhéanamh chun comhairle a chur ar daoine Gaeilge a labhairt sa bhaile agus gach lá. Nuair a thagann daoine ó na hoileáin chuig an mórthír, cuireann siad an Ghaeilge ar a dhroimeanna mar ní mhothaíonn siad sábháilte í a úsáid ansin (mar uaireanta, cuireann daoine Gaeilgeoirí síos nuair a labhraíonn siad a dteanga fhéin. Agus ar ócáidí annamh, go háirithe i dTuaisceart Éireann, tarlaíonn foréigean fiú).
Cén fáth a bhfuil mé buartha faoi todhchaí na Gaeilge? Bhuel, seo ceann de na cúiseanna is tábhachtaí: Béarlachas. Nuair a fheiceann tú daoine óga ag labhairt, úsáideann siad AN IOMARCA Béarlachas nach bhfuil riachtanach. Mar shampla, cuireann roinnt daoine an focal ¨like¨ tar éis gach focal eile. Dá mbeimid ag úsáid Béarlachas i gcónaí, beidh sé ródheacair luach traidisiúnta is cultúrtha teanga ár dtíre a chaomhnú. Mar sin, tar éis níos lú ná fiche bhliain, caillfidh muid ár dteanga go hiomlán - ní bheidh Gaeilge ar an teanga níos mó ar chor ar bith, má leanúnann sé seo ar aghaidh. Caithfidh muid stad a chur air seo, ach conas? Bhuel, tá sé go héasca, i ndáiríre. Glac ballraíocht in eagraíochtaí atá ag obair chun ár dteanga agus cultúr a chur chun cinn. Glac páirt i ngrúpaí atá ag iarraidh Gaeltachtaí a bhunú, in Éirinn agus thar sáile. Agus ná déan stad ag obair ar son na cúise má éiríonn sé ródhúshlánach. Go bunúsach, labhair Gaeilge agus coinnigh beo í!
Gach rud á mheasadh, ní féidir linn ár dteanga a chailleadh. ¨Tír gan teanga, tír gan anam.¨ - Pádraig Pearse a dúirt na focail sin.
Is ceann de na [[Teangacha Ceilteacha|teangacha Ceilteacha]] í an '''Ghaeilge''' (nó ''Gaeilge na hÉireann'' mar a thugtar uirthi corruair), agus ceann den dtrí cinn de theangacha Ceilteacha ar a dtugtar na [[Teangacha Gaelacha|teangacha Gaelacha]] (Gaeilge, [[Gaeilge Mhanann]] agus [[Gaeilge na hAlban]]) go háirithe. Labhraítear in [[Éire|Éirinn]] go príomha í, ach tá cainteoirí Gaeilge ina gcónaí in áiteanna eile ar fud an domhain.