An difríocht idir athruithe ar: "Fís Éireann"

Content deleted Content added
Líne 2:
 
== Stair ==
Bhí Bord Scannán na hÉireann (Béarla: Irish Film Board) i mbun oibre ó 1980 go 1987. Le linn na tréimhse sin, léirigh nó comhléirigh an Bord ''Eat the Peach'', ''Anne Devlin'', ''The Outcasts (1982)'', agus ''Angel''. Tar éis gur dúnadh é, d'éirigh go breá le roinnt scannán Éireannach a fuair maoiniú seachtrach, mar shampla ''My Left Foot'', ''The Crying Game'' agus ''The Commitments'', rud a spreag brústocairí áitiúla chun athbhunú an bhoird a éileamh. Sa bhliain 1993, d’athbhunaigh an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, [[Mícheál D. Ó hUigínn|Michael D. Higgins]], an bord faoi chathaoirleacht [[Lelia Doolan]].
 
Ar 10 Aibreán 2018, ag preasagallamh le haghaidh foilseacháin “Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga, & inár nOidhreacht 2018–2027” (mar chuid de Thionscadal Éireann 2040), d'fhógair An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, [[Josepha Madigan]], go dtabharfaí ''Fís Éireann'' (Béarla: ''Screen Ireland'') ar an ngníomhaireacht ón 18 Meitheamh 2018 ar aghaidh. Ba í an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, [[Heather Humphreys]], a d'fhógair an cinneadh chomh fada siar le 2015.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.irishtimes.com/culture/name-of-irish-film-board-to-be-changed-to-screen-ireland-1.2284983|teideal=Name of Irish Film Board to be changed to Screen Ireland|údar=Donald Clarke|data=2015-07-14|datarochtana=2022-06-28}}</ref>