An difríocht idir athruithe ar: "Speictriméadracht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Eolaíocht ina mbaintear feidhm as speictriméadar chun solas is tonnta leictreamaighnéadacha eile a anailisiú agus a speictrim a thomhas. Glacann an gléas s...'
 
m Botún litrithe
Líne 1:
[[Eolaíocht]] ina mbaintear feidhm as speictriméadar chun [[solas]] is tonnta leictreamaighnéadacha eile a anailisiúanailísiú agus a speictrim a thomhas. Glacann an gléas seo an solas atá le tomhas trí scoiltín, cuireann trí lionsa é chun léas aontreoch a chruthú, cuireann trí [[Priosma|phriosma]] nó gríl díraonta é chun an solas a spré ina ghathanna de dhathanna scoite, tomhaiseann déine gach datha, agus ar deireadh tarraingíonn graf de dhéine an tsolais i gcoinne an tonnfhaid nó an datha. [[Speictream]] atá sa ghraf seo. Astaíonn gach [[dúil]] speictream sainiúil ag gach [[teocht]], agus mar sin is féidir comhdhéanamh foinse solais is a teocht a dhíorthú ó speictream an tsolais. Baineann réalteolaithe feidhm as speictriméadar chun na dúile atá i [[réalta]] nó [[réaltra]] i bhfad i gcéin a dhéanamh amach agus teocht rinn spéire a ríomh. Is féidir aistrithe i speictrim, mar [[Deargaistriú|dheargaistriú]] nó [[gormaistriú]], a thomhas, agus uaidh sin gluaisne choibhneasta rinn spéire uainn nó chugainn.
 
{{Fréamh an Eolais}}