An difríocht idir athruithe ar: "Leabharlann Chathair Alastair"

Content deleted Content added
{{WD Bosca Sonraí Foirgneamh‎}}
m Botún litrithe
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Foirgneamh‎}}
An [[leabharlann]] is mó anallód. I 332 RC chinn [[Alastar Mór]] a [[Príomhchathair|phríomhchathair]] a thógailthógáil. Lean [[Tolamaes]] I é, agus thóg an chéad [[ollscoil]] bhuan inti, le Leabharlann [[Cathair Alastair|Chathair Alastair]] ag a croílár. Bhí 700,000 leabhar inti faoi dheireadh, agus [[matamaitic]], [[réalteolaíocht]], [[eolaíocht]], is [[teicneolaíocht]] suntasach ann. I 47 AD chuir Iúl Caesar an Leabharlann trí thine mar chuid dá chogadh ionraithe le [[Cléópatra]]. Níos déanaí, ghoid Marcas Antaine leabharlann Phéargamas in iarthuaisceart [[An Áise|na hÁise]] Bige chun Leabharlann Chathair Alastair a atógáil. I 389 d'ordaigh impire Críostúil an oirthir, Teodaisias, rudaí págánacha a scrios: rinneadh amhlaidh ar chuid mhór den leabharlann, agus dhúnmharaigh an slua na scoláirí págánacha istigh inti. Tógadh an beagán leabhar a sábháileadh go Cathair Chonstaintín. I 642 ghabh na hIoslamaigh an chathair sin, agus chríochnaigh scrios na seanleabhar seachas beagán díobh, 6 imleabhar d'Arithmetica ([[Uimhríocht]]) le Diafanas ina measc. Osclaíodh leabharlann nua i [[2002]] a tógadh ar láthair phalás Chléopatra, agus aidhm ag na húdaráis 5-8 milliún leabhar a bheith inti faoi 2020.
 
{{Fréamh an Eolais}}