An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréigis"

Content deleted Content added
No edit summary
+WD
 
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Teanga}}
 
'''An tSean-Ghréigis''' a thugtar ar an leagan den [[Gréigis|Ghréigis]] a bhí á labhairt ó 1000 RC go 600 AD. Is féidir an Ghréigis a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí [[an Ghréig]] timpeall na bliana [[2000 RC]] Chuir an dream sin cathair [[Micéanae]] ar bun agus dá bhrí sin tugtar [[na Micéanaigh]] orthu. Scríobhaidís an teanga de réir córais iaraiglifí ar nós mhuintir na [[Éigipteach|hÉigipte]]. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall [[1100 RC]], agus tháinig meath orthu ina dhiaidh sin. Níl mórán eolais againn anois faoin teanga díreach i ndiaidh an mheatha úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá stair an 400 bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar [[Aibítir Ghréagach|aibítir]] a úsáid i rith na tréimhse seo. Scríobhadar a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum [[Hóiméar]] an [[Íliad]] agus an [[Odaisé]]. Um an dtaca sin a thosaigh Ré Ársa na Sean-Ghréige. Koine a thugtar ar an teanga a bhí á labhairt ón 3ú haois RC ar aghaidh, Gréigis an [[Bíobla|Bhíobla]], agus tháinig Gréigis na Meánaoise i gcomharbas air.