An difríocht idir athruithe ar: "An Pholainn"

Content deleted Content added
Ryanaxp (plé | dréachtaí)
Ryanaxp (plé | dréachtaí)
m idirviceanna
Líne 1:
[[Tír]] is ea í '''an Pholainn''' atá suite ar chósta theas [[Muir Bhailt|Mhuir Bhailt]], agus í ag críochantaíocht leis [[An Ghearmáin|an nGearmáin]], le [[An tSeic|Poblacht na Seice]], leis [[An tSlóvaic|an tSlovaictSlóvaic]], leis [[An Úcráin|an Úcráin]], leis [[An mBílearúis|an mBílearúis]] agus leis [[An Liotuáin|an Liotuáin]]. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis [[An Rúis|an Rúis]] é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.
 
== Ainm na tíre ==
Líne 9:
== An Córas Polaitíochta ==
 
I ndiaidh bhlianta fada an [[Cumannachas|Chumannachais]], d'éirigh leis na Polannaigh daonlathas ceart a chur ar bun faoi dheoidh i dtús na nóchaidí. Is poblacht phairliminteach í an tír inniu, agus dhá theach - Sejm (an dáil, nó teach na dteachtaí) agus Senat (an seanad) - sa phairlimint. Tá 460 feisire ar Sejm, agus na saoránaigh ag caitheamh a vótaí sna holltoghcháin uair in aghaidh na gceithre mblian. Tá 100 Seanadóir ann, agus iad á dtoghadh sna holltoghcháin chomh maith. Tugtar ''Zgromadzenie Narodowe'' nó an Comhthionól Náisiúnta ar dhá theach na pairliminte in éineacht - ar an Oireachtas, i dtéarmaí Éireannacha.
 
 
Líne 19:
== An Daonra ==
Roimh an [[Dara Cogadh Domhanda]], bhí an Pholainn lán mionlaigh mhóra eitneacha, agus bruíonachas ar siúl go minic idir na mionlaigh agus na náisiúnaithe antoisceacha Polannacha. I ndiaidh an chogaidh, áfach, tá an Pholainn iontach aonchineálach ó thaobh an [[Duine|daonra]] de.
 
Is í an Pholainnis [[teanga]] oifigiúil na tíre, agus í ó dhúchas ag 96 % den 38 milliún duine atá ag cur fúthu sa tír. An ceithre faoin gcéad eile, tá siad ag labhairt [[Úcráinis]], [[Bílearúisis]], [[Liotuáinis]], [[Giúdais]] (teanga atá fréamhaithe ón tsean-Ghearmáinis), [[Gearmáinis]] nó [[Tatárais]]. Is [[Caitliceachas|Caitlicigh]] iad lucht labhartha na Polainnise de ghnáth. Bíonn creideamh mionlaigh éigin ag dul leis an teanga nó leis an dúchas mionlaigh go minic. Mar shampla, bíonn an creideamh Protastúnach ag baint leis an nGearmáinis. Na hÚcráinigh, arís, is dual dóibh urraim a thabhairt dá n-eaglais [[Chaitliceachas Oirthearach|Chaitliceach Oirthearach]], eaglais a chloíonn leis na deasghnátha [[Gréigeach]]a, cé go dtugann sí aitheantas don [[An Pápa|Phápa]]. Is Ceartchreidmhigh Oirthearacha iad na Bílearúisigh, agus na Tatáraigh ina [[Iosláim|Muslamaigh]]. I ndiaidh an ródaigh a rinne Uileloscadh na [[Naitsith|Naitsithe]] ar phobal mór millteanach na nGiúdach sa Pholainn, ní mhaireann ach dornán acu beo sa tír. Bíonn an Ghiúdais á labhairt ag an tseanghlúin, ach dealraíonn sé nach mbacann na Giúdaigh óga leis an teanga seo a thuilleadh.
Líne 26:
 
{{AE}}
 
[[Rang:Tíortha]]
 
[[en:Poland]]