An difríocht idir athruithe ar: "Gránbharr"

Content deleted Content added
No edit summary
chlib amháin: Reverted
ní ionann iad tar éis an tsaoil
chlib amháin: Manual revert
Líne 1:
{{merge|Arbhar}}
Féir a iompraíonn gráinní a sholáthraíonn príomhbhianna don chuid is mó de phobal [[An Domhan|an Domhain]]. Is mó go mór na gráinní uathu ná ó na speicis eile féir, sinsir fhiáine na ngránbharr ina measc, agus cuimsíonn siad a lán próitéiní is carbaihiodráití. 8 bpríomhghránbharr atá ann: [[rís]], [[cruithneacht]], [[coirce]], [[eorna]], [[seagal]], [[sorgum]], [[muiléad]], agus [[arbhar Indiach]]. Tá roinnt eile a fhástar faoi chúinsí nach mbíonn fabhrach do na príomhchineálacha. Díorthaíodh iad uile ó speicis fhiáine, agus ba chéim chinniúnach i stair an duine a gceansú, rud a rinneadh timpeall 10,000 bliain ó shin i gcás na ríse is na cruithneachta. Tháinig slite beatha níos socaire chun cinn ná mar a bhíodh nuair ba ghá na gráinní fiáine a bhailiú. Thosaigh feirmeoireacht, sochaithe, agus sibhialtachtaí a bhí bunaithe ar ghránbharra. Saothraíodh is feabhsaíodh póir na ngránbharr freisin, ionas gur fíorchasta a bhforbairt anois, le póir ar leith d'aeráidí éagsúla, agus póir le friotaíocht láidir i gcoinne galar.