An difríocht idir athruithe ar: "Leabhar Laighneach"

Content deleted Content added
→‎Tagairtí: Catagóirí
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 25:
Tá sé aitheanta go forleathan anois, ámh, gurbh é bunainm na lámhscríbhinne ''Lebor na Nuachongbála'' (''Leabhar na Nuachongbhála'').<ref>[https://www.logainm.ie/28230.aspx An Nuachongbháil, Co. Laoise] ar logainm.ie</ref> Chuir [[Richard Irvine Best|R. I. Best]] é seo in iúl agus é tugtha faoi deara aige gur luaigh [[Sir James Ware]] (a fuair bás in 1666) sleachta gearra éagsúla ón Leabhar i lámhscríbhinn dá chuid féin a breacadh síos i dtosach na 17ú haoise<ref>British Library, Londain, cód seilf Add. MS 4821.</ref> agus é ag fanacht i dteach [[Ruairí Ó Mórdha|Ruairí Uí Mhórdha]] ag ''Ballyna'', [[Contae Chill Dara]]. Ba iad tiarnaí na Nuachongbhála iad clann Uí Mhórdha ón 15ú haois ar a laghad, agus ba é seanathair Uí Mhórdha a raibh morgáiste aige ar Chluain Eadhnáin, baile Uí Chriomthainn.<ref>Best, ''The Book of Leinster'', iml 1, ll. xi–xvii.</ref>
 
Tá fianaise ann a neartaíonn le tuairim Best i lámhscríbhinn Acadamh Ríoga na hÉireann, MS&nbsp;B.&nbsp;iv.&nbsp;2,<ref>[https://www.isos.dias.ie/master.html?https://www.isos.dias.ie/libraries/RIA/RIA_MS_B_iv_2/english/index.html RIA MS B iv 2]</ref> agus í breactha sa 17ú haois. Mar a thug [[Rudolf Thurneysen]] faoi deara,<ref>Thurneysen, ''Die irische Helden- und Königsage bis zum 17. Jahrhundert'', lch. 34.</ref> rinne an scríobhaí cóip de théacsanna ar leith, ag cur in iúl gurbh é "Leabhar na {{sic|h-Ua [''sic'']}} Chongbála" an fhoinse.<ref>Mar shampla, [https://www.isos.dias.ie/libraries/RIA/RIA_MS_B_iv_2/small_jpgs/229.jpg RIA MS B iv 2, lch. 120]</ref>
 
===San lá atá inniu ann===