An difríocht idir athruithe ar: "Annraoi Ó Liatháin"

Content deleted Content added
Dáta breithe/báis - Eolas de réir suíomh CnaG
Nmacu (plé | dréachtaí)
m Cat
Líne 17:
De na leabhair thuas, is iad ''Luaithreach an Bhua'' agus ''Nead na gCreabhar'' an dá cheann is fusa atá ar fáil inniu, is dócha. Is é is ábhar leis an úrscéal ''Luaithreach an Bhua'' ná troid éadóchasach na bPoblachtach ar na Státairí in Éirinn le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|an Chogaidh Chathartha]], nuair a bhí [[Mícheál Ó Coileáin]] tar éis an [[Conradh Angla-Éireannach]] a shíniú. Maidir le ''Nead na gCreabhar'', scéinséir crua cranraithe is ea é a chuirfeadh [[Alistair MacLean]] i gcuimhne duit. Is í an phríomhdhifríocht idir an ''Nead'' agus na gnáthscéinséirí ná gur [[Sasana]]igh atá sna bithiúnaigh, cineál spiairí agus iad imithe le fiántas in Éirinn. Tá sean-chliché an ''Éireannaigh fhiain'' iompaithe bun os cionn ag an scríbhneoir, mar sin. Déanta na fírinne, baineann Annraoi a chasadh leath-ghreannmhar féin as gach cliché de chuid genre liteartha na scéinséirí sa leabhar seo. Tá laoch an scéil cosúil le cuid mhór laochra i scannáin ar nós ''[[The Dirty Dozen]]'': fear is ea é a chuir an iliomad craiceann de ag iarraidh a áit féin a bhaint amach sa saol, ach níor theip an tuathal air riamh sna hiarrachtaí seo. Cineál laoch ócáidiúil atá ann, mar sin, nó fiú frithlaoch. Ach ós rud é gur frithlaoch fíor-Ghaelach é, tá an tsagartóireacht ar ceann de na gairmeacha nár éirigh leis! Siúd is go bhfuil greann ciúin den chineál seo ag dul leis an leabhar, is furasta léamh an ghnáthscéinséara a bhaint as chomh maith, nó coinníonn Annraoi sceitimíní ar an léitheoir ó thús go deireadh an scéil.
 
[[Rang:Scríbhneoirí Éireannacha|ÓO Liatháin, Annraoi]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1917|ÓO Liatháin, Annraoi]]
[[Rang:Básanna i 1981|ÓO Liatháin, Annraoi]]