An difríocht idir athruithe ar: "An Domhnach"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 5:
De réir seantraidisiúin [[An Giúdachas|Ghiúdaigh]] is é an Satharn an tSabóid. Ina lán teangacha is ionann na focail atá ar 'Shatharn' agus ar ‘Shabóid,' cé go ndéanann eaglaisí ceartchreidmheacha idirdhealú idir an Satharn agus lá na Sabóide. Is annamh a thugann Caitlicigh an tSabóid ar an lá, ach is nós le go leor [[An Protastúnachas|Protastúnach]] 'an tSabóid' a thabhairt ar an Domhnach.
 
Sa chuid is mó den [[An Eoraip|Eoraip]] agus i [[Meiriceá Theas]] (seachas [[An Bhrasaíl|sa Bhrasaíl]]) is é an Domhnach an lá deireanach den tseachtain. I dtíortha eile, dála [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]], is é an chéad lá é, barúil thraidisiúnta a tháinig anuas ó na [[Seanghiúdaigh]], ó na [[Seanéigiptigh]] agus ón [[Impireacht Naofa RomhánachRómhánach]]. De réir an ISO 8601, is é [[an Luan]] an chéad lá agus is é an Domhnach an seachtú lá.
 
Dar le haicmí áirithe Críostaí a bhfuil dearcadh ceartchreidmheach nó piúratánach acu, ní dhéantar obair ar bith Dé Domhnach, cé is moite de chúrsaí adhartha nó de ghníomh práinne.