An difríocht idir athruithe ar: "Teach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
+WD / + Refs
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Eagraíochta}}
[[Íomhá:House large seal.png|thumb|deas|Séala]]
 
Is é '''Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe''' teach íochtarach [[Comhdháil na Stát Aontaithe|Chomhdháil na Stát Aontaithe]]. An [[Seanad na Stát Aontaithe|Seanad]] a thugtar ar an teach uachtarach. Tá ionadaíocht chionmhar ag muintir gach Stát de réir a dhaonra, agus duine amháin, ar a laghad, ó gach Stát ina shuí ar an Teach. Faoi láthair, tá ceithre chéad tríocha cúigear ionadaí ar an Teach, líon a socraíodh in Acht an Ath-Chionroinnte, nó an ''Reapportionment Act'', sa bhliain 1929, ach más gá, tá na cumhachtaí ag an gComhdháil an líon seo a athrú. Caitheann gach ionadaí téarma dhá bhliain ar an Teach, agus is féidir é a atoghadh arís agus arís eile, gan teorannú ar bith. Is iad baill an Tí a thoghann Ceann Comhairle an Tí, nó an ''Speaker'', mar a thugtar air as Béarla.
Líne 5:
Nuair a socraíodh córas bunreachtúil na Stát Aontaithe, theastaigh ó ailtirí an chórais - Aithreacha Bunaithe na Stát Aontaithe, mar a thugann na Meiriceánaigh orthu - dhá sheomra parlaiminte a chur ar bun. Is é an ról a cheap siad do Theach na nIonadaithe ná toil na sluaite a chur in iúl. San am céanna, bhí siad den tuairim go mbeadh gá leis an Seanad le maolú ar na hathruithe a thiocfadh ar intinn na sluaite agus na n-ionadaithe.
 
== Tagairtí ==
{{stumpa}}
{{Reflist}}
 
{{Síol-us}}
 
[[Catagóir:Polaitíocht na Stát Aontaithe]]