An difríocht idir athruithe ar: "An Danmhairgis"

Content deleted Content added
No edit summary
 
Líne 3:
Is [[teanga]] [[Lochlannaigh|Lochlannach]] oirthearach í an '''Danmhairgis''' ([[Danmhairgis]]: ''dansk''); labhraítear í sa [[An Danmhairg|Danmhairg]], in [[Oileáin Fharó]], sa [[An Ghraonlainn|Ghraonlainn]] agus i Schleswig-Holstein sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]].
 
Cosúil leis na teangacha Lochlannacha eile d'fhorbair an Danmhairgis as an tSean-Lochlainnis. Is iad an Danmhairgis agus an tSualainnis atá bunaithe ar chanúintí oirthearacha na Sean-Lochlainnise. Níor tháinig aon chineál Danmhairgis chaighdeánaithe chun saoil roimh an séú haois déag. Le teacht an Reifirméisin agus an chlóphreasa, áfach, tosaíodh ag baint úsáid an chaighdeáin as an gcineál teanga a bhí ag labhairt ag an uasaicme agus ag lucht an ardoideachais i gCóbanhávan. Chuaigh an caighdeán seo i bhfairsinge trí na scoileanna, ach má chuaigh, bhí an-ról ag an nGearmáinis agus ag an Laidin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin féin. Nuair a chaill an tír a lán tailte don tSualainn, thosaigh na tírghráthóirí ag cur na Danmhairgise chun cinn mar shiombail don dúchas Danmhargach, agus ón 18ú haois ar aghaidh bhí litríocht á scríobh agus á cruthú sa teanga. Dá réir sin, tá an chuid is mó de na canúintí traidisiúnta imithe inniu, agus iad tar éis géilleadh don teanga chaighdeánaithe.
 
Tá an Danmhairgis thar a bheith saibhir i ngutaí a aithnítear thar a chéile mar fhóinéimí: seacht gceann is fiche ar fad. Thairis sin, is minic nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal ach an rud ar a dtugtar ''stød'', cineál dath laraingeach a chuirtear le guta. Níl sé furasta cur síos a thabhairt ar an gcóras fuaimeanna seo leis na litreacha a úsáidtear sa Danmhairgis, agus mar sin níl sé éasca an fuaimniú ceart a bhaint as an teanga scríofa ach an oiread.
 
Ón taobh eile de tá gramadach na Danmhairgise sách simplí. Níl iarmhíreanna pearsanta ag na briathra, agus cé go raibh trí inscne sa tSean-Lochlainnis, níl ach dhá cheann sa Danmhairgis, ós rud é go bhfuil an t-idirdhealú idir an fhirinscne agus an bhaninscne imithe ar fad.