An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Achoimre ar theimpléid"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Reverted Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
Tugann an leathanach seo míniú simplí ar conas a úsáidtear '''teimpléad''' mar uirlis eagarthóireachta ar an Vicipéid.
 
Is leathanaigh iad teimpléid atá suite in [[Cabhair:Ainmspás|ainmspás]] na dteimpléad. Ciallaíonn sé sin gur féidir le leathanach ar bith leis an réimír "Teimpléad:" roimhe (m.sh. <nowiki>[[Teimpléad:ainmTeimpléad]]</nowiki>) a bheith ina theimpléad. Is féidir ábhar teimpléid a ionsá i leathanach ar bith trí <nowiki>{{ainmTeimpléad}}</nowiki> a ionchur san áit chuí.
 
Úsáidtear teimpléid le hábhar a chur le leathanaigh i mbealach caighdeánach. Mar shampla,
*teachtaireachtaí coitianta - <nowiki>{{Síol}}</nowiki>
*boscaí eolais - <nowiki>{{ie baile infobox}}</nowiki>
*boscaí nascleanúna - <nowiki>{{Taoisigh na hÉireann}}</nowiki>
 
Tá teimpléid in ann glacadh le paraiméadair (m.sh. <nowiki>{{ie baile infobox}}</nowiki> ). I gcásanna mar seo, athraíonn an téacs a ghineann an teimpléad de réir mar a athraíonn luachanna na bpairaiméadar.
 
==Ag cruthú agus ag athrú teimpléid==
Cuirtear tús le teimpléad nua sa tslí chéanna is a chuirtear tús le gnáthleathanach vicí seachas go gcaithfidh teideal an teimpléid tosú le <tt>Teimpléad:</tt>. Nuair atá an teimpléad réidh, is féidir ábhar an teimpléid a chur le leathanach ar bith trí <nowiki>{{ainmTeimpléad}}</nowiki> a ionsá sa leathanach. Má athraítear an teimpléad, beidh éifeacht na n-athruithe le feiceáil ar na leathanaigh ar fad atá an clib <nowiki>{{ainmTeimpléad}}</nowiki> iontu.